An modh ina seoltar reifrinn

Tá an próiseas aighneachtaí i ndáil leis an modh ina seoltar reifrinn anois dúnta.

Bhíothas ag glacadh le haighneachtaí go dtí an 5pm an 22 Nollaig 2017.

Chun aighneachtaí ar an ábhar seo a léamh cliceáil anseo. Tá an Tuarascáil ar fáil le léamh anseo.

Tá tuilleadh eolais, chomh maith le hábhar cúlra le fáil le léamh anseo

An Próiseas chun Aighneacht a dhéanamh

Fuarthas tuairim is 213 aighneacht, 209 díobh a fuarthas ar líne agus 4 sa phost.

Ó na 213 aighneacht a fuarthas, foilsíodh 206 ar an láithreán gréasáin. Tá seacht gcinn ar fad nár foilsíodh.  Leagtar amach thíos na cúiseanna nár foilsíodh cuid acu:

  • Bhí ceithre cinn nár bhain le hábhar.
  • Cuireadh aighneacht amháin isteach faoi dhó;*
  • Bhí dhá aighneacht gan ainm**

(*Nuair a chuir duine aonair an aighneacht cheannann chéanna isteach níos mó ná uair amháin, níor foilsíodh é sin ach aon uair amháin. In go leor cásanna tharla sé seo toisc gur chuir an duine aonair an aighneacht chéanna isteach trí bhealaí éagsúla, i.e. tríd an bpost, ar líne agus trí ríomhphost)

(**Ní ghlacfar le haighneachtaí ó dhaoine anaithnide. Ní fhoilseofar aighneachtaí a fuarthas nach bhfuil ach céadainm leo.)

Rialacha/Treoirlínte maidir le hAighneachtaí

Tá feidhm leis na rialacha seo a leanas i ndáil le haighneachtaí a fhaigheann an Tionól:

    1. Chuir an Tionól fáilte roimh aighneachtaí ó dhaoine ar saoránaigh de chuid na hÉireann iad agus ó dhaoine nach saoránaigh iad, bídís ag maireachtáil in Éirinn nó thar sáile. 
    2. Rinneadh gach aighneacht a fuarthas a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin agus ainm iomlán (céad ainm, sloinne) /ainm na heagraíochta, leis más cuí.
    3. Níor glacadh le haighneachtaí nach raibh ainm leo. Níl aighneachtaí a fuarthas nach raibh ach céad ainm leo le foilsiú. Mar a chéile, níl aighneachtaí a fuarthas nach raibh ach  ceannlitir agus sloinne leo (m.sh. J Smyth) le foilsiú. Eisceacht: Is féidir aighneachtaí a fuarthas a raibh sraith ceannlitreacha, atá in úsáid go forleathan mar ainm (i.e. JP, PJ, AP), agus sloinne leo a fhoilsiú. 
    4. I gcás scéalta pearsanta agus aighneachtaí íogair, baineadh amach na sonraí pearsanta go léir agus sonraí inaitheanta gaolmhara nó rinneadh iad a chur in eagar. 
    5. Caitheadh le gach aighneacht a fuarthas tríd ár láithreán gréasáin nó sa phost mar aighneacht aonair ann féin beag beann ar síniú aon duine amháin nó níos mó a bheith le haighneacht. Mar shampla, má fuarthas aighneacht a bhí sínithe ag scór, caithfear leis an aighneacht sin mar aon aighneacht amháin. Má fhaightear an aighneacht chéanna fiche uair, agus é sínithe ag daoine difriúla ina nduine is ina nduine, is ionann an méid sin agus fiche aighneacht a bheith faighte agus is mar sin a chaithfear leo.
    6. Coimeádann an Tionól Saoránach an ceart gan glacadh le haighneacht má mheastar é a bheith maslach nó míchuí.

Tar éis dó aighneachtaí a fháil ar aon ábhar, féadfaidh an Tionól togradh éisteacht le cur i láthair ó bhéal ó aon ghrúpa ionadaíoch nó ó aon duine chun cabhrú leis plé agus machnamh a dhéanamh ar ábhar.