An tÓchtú Leasú ar an mBunreacht na hÉireann

Tá an próiseas aighneachtaí i ndáil leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht anois dúnta.

Bhíothas ag glacadh le haighneachtaí ón 14 Deireadh Fómhair 2016 go dtí an 5pm an 16 Nollaig 2016. Níor glacadh le haon aighneachtaí a tháinig sa phost i ndiaidh an 16 Nollaig.

Cliceáil anseo chun aighneachtaí a fuarthas ó bhaill den phobal agus ó ghrúpaí leasmhara a fheiceáil.

Fuarthas tuairim is 13,075 aighneacht, 8,092 díobh a fuarthas ar líne agus 4,983 sa phost.

Tá 12,200 díobh sin foilsithe. Tá 872 ar fad nár foilsíodh Seo a leanas na cúiseanna nár foilsíodh aighneachtaí a fuarthas:

Bhí 529 díobh nár chomhlíon rialacha/treoirlínte maidir le haighneachtaí a chur ar aghaidh -

          • Cuireadh 415 díobh ar aghaidh ar líne gan ainm; 
          • Bhí 102  aighneacht a cuireadh ar aghaidh sa phost nach bhféadfaí an síniú a bhí leo a léamh agus dá bhrí sin measadh iad a bheith gan ainm; 
          • Bhí ábhar maslach nó míchuí i 4 aighneacht agus dá bhrí sin ní raibh ag teacht leis na rialacha/treoirlínte maidir le haighneachtaí a chur ar aghaidh; 
          • Bhí 8 gcinn nár bhain le hábhar.

Chomh maith leis sin bhí 343 aighneacht nár foilsíodh ar na cúiseanna seo a leanas:

          • Seoladh an aighneacht chéanna 325 uair (fuarthas an aighneacht cheannann chéanna níos mó ná uair amháin a raibh an stampa ama céanna ar an aighneacht a léiríonn gur bhuail an t-aighnitheoir an cnaipe seolta níos mó ná uair amháin trí dhearmad); 
          • 18 iarratas ó aighnitheoirí aighneachtaí a tharraingt siar.

Déanfar an líon iomlán aighneachtaí a fuarthas agus a bheidh le foilsiú a dheimhniú sna seachtainí atá romhainn.

Rialacha/Treoirlínte maidir le hAighneachtaí

Tá feidhm leis na rialacha seo a leanas i ndáil le haighneachtaí a fhaigheann an Tionól agus cuireadh an t-eolas seo ar fáil roimh ré. Tá cinntí a ghlac an Rúnaíocht ina dhiaidh sin le linn an phróisis léirithe thíos i gcló iodálach

    1. Chuir an Tionól fáilte roimh aighneachtaí ó dhaoine ar saoránaigh de chuid na hÉireann iad agus ó dhaoine nach saoránaigh iad, bídís ag maireachtáil in Éirinn nó thar sáile. 
    2. Rinneadh gach aighneacht a fuarthas a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin agus ainm iomlán (céad ainm, sloinne) /ainm na heagraíochta, leis más cuí
    3. Níor glacadh le haighneachtaí nach raibh ainm leo. Níl aighneachtaí a fuarthas nach raibh ach céad ainm leo le foilsiú. Mar a chéile, níl aighneachtaí a fuarthas nach raibh ach  ceannlitir agus sloinne leo (m.sh. J Smyth) le foilsiú. Eisceacht: Is féidir aighneachtaí a fuarthas a raibh sraith ceannlitreacha, atá in úsáid go forleathan mar ainm (i.e. JP, PJ, AP), agus sloinne leo a fhoilsiú. 
    4. I gcás scéalta pearsanta agus aighneachtaí íogair, baineadh amach na sonraí pearsanta go léir agus sonraí inaitheanta gaolmhara nó rinneadh iad a chur in eagar. Tá na haighneachtaí seo liostaithe ar líne le "Ainm ag an Rúnaíocht" nó NWS. 
    5. Má iarrann duine, nár sheol scéal pearsanta isteach ach a sheol tuairim/ráiteas ar aghaidh, a n-ainm a choinneáil siar féadfaidh an Rúnaíocht teagmháil a dhéanamh leis an duine chun a fhiafraí an mian leo an aighneacht a tharraingt siar mar go bhfuil gach aighneacht á bhfoilsiú le hainm srl (mar a shonraítear in 2 thuas).
    6. Má thugann duine le fios go bhfuil sé/sí faoi bhonn 18 mbliana d'aois agus iarrann a ainm a choinneáil siar, caithfear sin a dhéanamh.
    7. Caitheadh le gach aighneacht a fuarthas tríd ár láithreán gréasáin nó sa phost mar aighneacht aonair ann féin beag beann ar síniú aon duine amháin nó níos mó a bheith le haighneacht. Mar shampla, má fuarthas aighneacht a bhí sínithe ag scór, caithfear leis an aighneacht sin mar aon aighneacht amháin. Má fhaightear an aighneacht chéanna fiche uair, agus é sínithe ag daoine difriúla ina nduine is ina nduine, is ionann an méid sin agus fiche aighneacht a bheith faighte agus is mar sin a chaithfear leo.
    8. Coimeádann an Tionól Saoránach an ceart gan glacadh le haighneacht má mheastar é a bheith maslach nó míchuí.

Tabhair ar aird: Aighneachtaí Nach bhFuarthas

Tuigeann an Rúnaíocht gur tharla sé go raibh úsáideoirí a bhí ag baint leasa as an gcóras ar líne nár éirigh leo an próiseas a thabhairt chun críche.

Tá cuideachta forbartha láithreáin gréasáin an Tionóil, pTools, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfeidhmchlár, ar thaifid an fhreastalaí agus ar thaifid eile agus creideann an comhlacht,  de bharr líon mór na n-aighneachtaí sa tréimhse a bhí i gceist, go háirithe an tseachtain deiridh, nár éirigh le roinnt aighneachtaí dul tríd. Tá sé curtha in iúl ag an gcuideachta go bhféadfadh sé go raibh roinnt cúiseanna gur tharla sé seo m.sh. má cuireadh isteach ar cheangal idirlín an té a bhí i gceist, má bhí an t-am caite, mura brúdh an cnaipe Brúigh ag deireadh an phróisis aighneachta nó má brúdh é ach de bharr líon mór tráchta ag an am nár tugadh an t-idirbheart chun críche.

Tá an Rúnaíocht ag plé leis na fiosruithe seo ar fad ar bhonn cás ar chás. Sa chás thángthas ar roinnt sonraí ó pTools a thug sonraí teagmhála an té a bhí ag déanamh na haighneachta, cuireadh na sonraí seo ar fáil don Rúnaíocht a rinne teagmháil leis na daoine sin.