Grúpa Abhcóideachta agus Scéalta Pearsanta
Ag dara cruinniú an Tionóil maidir leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht a reáchtáladh an 7-8 Eanáir 2017, d'aontaigh Baill gur cheart tús áite a thabhairt d'fhoilsiú aighneachtaí ó ghrúpaí abhcóideachta, ó pháirtithe polaitíochta agus ó eagraíochtaí ionadaíocha/leasa. Is féidir teacht ar liosta de ghrúpaí den chineál sin anseo. Chun aighneacht grúpa ar leith a léamh, cuardaigh anseo.
D'iarr Baill freisin nach dtabharfaí tús áite do scéalta pearsanta a fuarthas ó dhaoine aonair. Tá liosta de scéalta den chineál sin ullmhaithe ag an Rúnaíocht agus atá le fáil anseo. Is féidir na scéalta seo a chuardach freisin anseo.
Ag ceathrú cruinniú an Tionóil, thug Rúnaí an Tionóil, Sharon Finegan Uasal, taispeántas mionsonraithe ar conas aighneachtaí a chuardach. Téigh chuig an taispeántas má bhíonn aon deacrachtaí agat teacht ar aighneachtaí.