Sampla Randamach d'Aighneachtaí a Fuarthas i dtaobh an Ochtú Leasú

Tá breis agus 13,500 aighneacht faighte ag an Tionól Saoránach ón bpobal i ndáil leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht.   

Ba léir gur gníomhaíocht an-fhadálach a bhí i bhfoilsiú na n-aighneachtaí ar láithreán gréasáin an Tionóil. Chun dul i ngleic leis sin agus ionas go gcuirfeadh na haighneachtaí le breithniúcháin na mBall ar bhealach fiúntach, smaoinigh an Rúnaíocht ar bhealaí chun sampla de na haighneachtaí a chur ar fáil do Bhaill an Tionóil a luaithe agus ab fhéidir.

Tá sé i gceist na haighneachtaí go léir a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an Tionóil, agus is próiseas leanúnach é sin. Tuigtear anois, áfach, go dtógann sé an oiread ama é a dhéanamh, mar sin, tá an Rúnaíocht ag cuimhneamh ar bhealaí le sampla de na haighneachtaí a chur ar fáil do bhaill an Tionóil chomh luath agus is féidir.

Dá bhrí sin, moladh sampla randamach 300 aighneacht as 13,500 a chur i láthair na mBall. Forbraíodh an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm chun an sampla seo a roghnú le cúnamh ón Lár-Oifig Staidrimh agus is mar seo a leanas a oibríonn sí:

  • Tabharfar litir agus uimhir do gach aighneacht aisti féin chun gur féidir í a aithint.  Dá bharr seo, beifear in ann gach taifead a aithint ann féin agus a fháil nuair a bheidh an roghnú randamach déanta.
  • Ní dhéanfar aon chatagóiriú ná scagadh roimh ré.      
  • Cuirfear foirmle i bhfeidhm, áit a n-úsáidfear gineadóir uimhreach agus roghnófar sampla de 300 aighneacht.
  • Tá sé tugtha ar aird go bhféadfadh méid áirithe dúblála a bheith i gceist, de bharr go bhfuil líon mór aighneachtaí feachtais nó athaighneachtaí faighte.  Mar sin féin, d'fhonn a bheith chomh trédhearcach agus is féidir, ní athrófar an sampla ar aon bhealach nuair a bheidh sé roghnaithe.
  • Ansin déanfar an 300 aighneacht a roghnaíodh go randamach a chur i dtoll a chéile in aon cháipéis amháin, arna ngrúpáil de réir mar a fuarthas iad (na haighneachtaí leictreonacha go léir le chéile, na haighneachtaí poist go léir), agus scaipfear ar bhaill uile an Tionóil iad lena bplé ag cruinniú mhí Feabhra.

Bain úsáid as an nasc thíos chun féachaint ar an 300 aighneacht a roghnaíodh go randamach agus a bhí ina mbunús leis an bplé ag tríú cruinniú an Tionóil an 4-5 Feabhra 2017 -

Sampla Randamach