Achoimre ar Aighneachtaí
Tá an achoimre seo curtha i dtoll a chéile ag an Rúnaíocht chun cuid de na príomhshaincheisteanna a leagan amach chomh maith le réitigh a d'aithin daoine aonair, eagraíochtaí neamhrialtais agus gairmithe ar an dara ábhar atá le plé ag an Tionól Saoránach an bealach is fearr le dul i ngleic leis na dúshláin agus deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois.
Clúdaítear san achoimre seo go leor de na réimsí a tugadh chun solais sa phróiseas aighneachtaí; is fiú, ina dhiaidh sin féin, cuairt a thabhairt ar rannóg Aighneachtaí chuig an Tionól Saoránach chun féachaint ar aighneachtaí ina n-iomlán.
Nuair is féidir tugtar uimhir thagartha chun deis a thabhairt do bhaill aighneachtaí ábhartha a bhreithniú tuilleadh. Cliceáil anseo chun an cháipéis a oscailt (.PDF)