Conas is féidir leis an Stát a chinntiú go mbeidh Éire ina ceannródaí maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide

Tá an próiseas aighneachtaí i ndáil leis an conas is féidir leis an Stát a chinntiú go mbeidh Éire ina ceannródaí maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide anois dúnta.

Cliceáil anseo le do thoil chun féachaint ar aighneachtaí a fuarthas ó dhaoine sa phobal, ó ghrúpaí abhcóideachta/leasa agus ó eagraíochtaí ionadaíocha eile.

Tá liosta d'Aighneachtaí a fuarthas ó NGOnna, ó ghrúpaí ionadaíochta, ó ghrúpaí abhcóideachta, ó pháirtithe polaitíochta, ó eintitis thráchtála agus ó lucht acadúil le fáil anseo.

Nóta: Scaipeadh an liosta seo ar na comhaltaí roimh an gcéad chruinniú ar Athrú Aeráide bhí ag an Tionól Saoránach i Meán Fómhair na bliana 2017. Tugadh an liosta cothrom le dáta ó shin le heagraíochtaí breise a thabhairt san áireamh a bhí fágtha ar lár ón liosta bunaidh.  Ar mhaithe le soiléireacht tá siad seo marcáilte le réiltín.

Tá cáipéis eolais, a d'ullmhaigh an Rúnaíocht, ar fáil le léamh anseo.

An Próiseas chun Aighneacht a dhéanamh

Tá an próiseas chun aighneacht a dhéanamh maidir le mar a fhéadfaidh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide anois dúnta. Ba 5 pm Dé hAoine an 11ú Lúnasa an dáta deiridh chun aighneacht a dhéanamh ar an ábhar.

Iarraidh ar dhaoine den phobal, ar ghrúpaí ionadaíochta agus ar eagraíochtaí saoránach aighneacht a dhéanamh chuig an Tionól.

Dúirt Cathaoirleach an Tionóil, an tOnórach Mary Laffoy, "Cuireadh de chúram ar an Tionól roinnt de na hábhair is casta atá os comhair shochaí na hÉireann a phlé agus ar an ócáid seo, ceapaim go bhfuil sé féaráilte a rá go mbeimid ag plé ábhair a bhfuil dúshlán cruthaithe aige do shochaithe ar fud an domhain. Tá cúrsaí athraithe aeráide ina ábhar cainte ar fud an domhain faoi láthair, go háirithe cumas thír amháin nó thír eile ceannaireacht a léiriú maidir leis an tsaincheist nó tarraingt siar uaidh, agus mar sin is am tráthúil é seo a bheith rannpháirteach sa bplé seo."

Cé na gnéithe d'Athrú Aeráide a scrúdóidh an Tionól?

Chun a t-ábhar seo a bhreithniú mar ba chóir, tháinig an Tionól le chéile dhá dheireadh seachtaine lena bhreithniú; an 30 Meán Fómhair/1 Deireadh Fómhair 2017 agus 4/5 Samhain 2017. Cuireadh deireadh seachtaine eile leis chun deis a thabhairt do Bhaill an cheist thábhachtach a bhreithniú níos beaichte fós chun cur leis an bplé agus teacht ar na moltaí a tháinig chun cinn sa deireadh.

Fáiltíodh roimh aighneachtaí maidir le gach uile saincheist a bhaineann le hAthrú Aeráide, ach d'fhéach an Tionól ach go háirithe tuairimí a fháil ar earnálacha fuinnimhiompair agus talmhaíochta na hÉireann.

Chomh maith leis sin, cheangail an Tionól obair an Tionóil an obair a bhí ar siúl ag an ngrúpa comhairleach ar an gComhrá Náisiúnta ar Athrú Aeráide. Pléifidh an grúpa sin mar a fhéadfaidh an Stát an pobal níos leithne a mhealladh le bheith rannpháirteach i saincheist an athraithe aeráide agus fáiltíodh roimh aighneachtaí a bhaineann leis an ngné sin freisin. Táthar ag súil mar thoradh ar ailíniú an Tionóil Saoránach leis an gComhrá Náisiúnta go gcuirfear leis an dioscúrsa náisiúnta ar athrú aeráide agus go mbainfidh baill leas as an toradh sin agus an tsaincheist sin á plé acu.

Conas mar a baineadh leas as an haighneachtaí?

Tá ról tábhachtach ag na haighneachtaí le cuidiú leis an Rúnaíocht agus leis an nGrúpa Comhairleach Saineolaithe an clár oibre ar an ábhar a fhorbairt agus d'fhéadfadh tionchar a bheith acu i ndeireadh báire ar na moltaí a chuirfidh na Baill ar aghaidh chuig Tithe an Oireachtais. Foilsítear gach aighneacht ar láithreán gréasáin an Tionóil agus ullmhaíodh cáipéis eolais do Chomhaltaí an Tionóil. Tá an cháipéis eolais ar fáil le léamh anseo.

Is féidir na haighneachtaí a fuarthas ar an ábhar seo a léamh anseo

Cáipéisí úsáideacha

Bileog eolais na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar Gháis Cheaptha Teasa agus Athrú Aeráide

An Plean Náisiúnta Maolúcháin (Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide & Comhshaoil, Iúil 2017)

An Staidpháipéar Polasaí Náisiúnta faoi Ghníomhú Aeráide agus faoi Fhorbairt Ísealcharbóin (Roinn an Chomhshaoil, an Phobail agus an Rialtais Áitiúil, Aibreán 2014)

An tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015

An Chomhairle Chomhairleach Um Athrú Aeráide - Tuarascáil Athbhreithnithe Tréimhsiúil 2017

An Chomhairle Chomhairleach Um Athrú Aeráide - An Céad Tuarascáil

Creat an Choimisiúin Eorpaigh ar an Aeráid agus ar Fhuinneamh 2030.

Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide

Comhaontú Pháras (Náisiún Aontaithe, 2015)

Creat Náisiúnta Oiriúnú don Athrú Aeráide-Meán Fómhair 2017(An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Meán Fómhair 2017)

Fifth Assessment Report (AR5) of the Intergovernmental Panel on Climate Change, 2013

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil State of the Environment Report, 2016