Parlaimintí ar théarma seasta

Rialacha/Treoirlínte maidir le hAighneachtaí

Tá feidhm leis na rialacha seo a leanas i ndáil le haighneachtaí a fhaigheann an Tionól:

    1. Chuir an Tionól fáilte roimh aighneachtaí ó dhaoine ar saoránaigh de chuid na hÉireann iad agus ó dhaoine nach saoránaigh iad, bídís ag maireachtáil in Éirinn nó thar sáile. 
    2. Rinneadh gach aighneacht a fuarthas a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin agus ainm iomlán (céad ainm, sloinne) /ainm na heagraíochta, leis más cuí.
    3. Níor glacadh le haighneachtaí nach raibh ainm leo. Níl aighneachtaí a fuarthas nach raibh ach céad ainm leo le foilsiú. Mar a chéile, níl aighneachtaí a fuarthas nach raibh ach  ceannlitir agus sloinne leo (m.sh. J Smyth) le foilsiú. Eisceacht: Is féidir aighneachtaí a fuarthas a raibh sraith ceannlitreacha, atá in úsáid go forleathan mar ainm (i.e. JP, PJ, AP), agus sloinne leo a fhoilsiú. 
    4. I gcás scéalta pearsanta agus aighneachtaí íogair, baineadh amach na sonraí pearsanta go léir agus sonraí inaitheanta gaolmhara nó rinneadh iad a chur in eagar. 
    5. Caitheadh le gach aighneacht a fuarthas tríd ár láithreán gréasáin nó sa phost mar aighneacht aonair ann féin beag beann ar síniú aon duine amháin nó níos mó a bheith le haighneacht. Mar shampla, má fuarthas aighneacht a bhí sínithe ag scór, caithfear leis an aighneacht sin mar aon aighneacht amháin. Má fhaightear an aighneacht chéanna fiche uair, agus é sínithe ag daoine difriúla ina nduine is ina nduine, is ionann an méid sin agus fiche aighneacht a bheith faighte agus is mar sin a chaithfear leo.
    6. Coimeádann an Tionól Saoránach an ceart gan glacadh le haighneacht má mheastar é a bheith maslach nó míchuí.

Tar éis dó aighneachtaí a fháil ar aon ábhar, féadfaidh an Tionól togradh éisteacht le cur i láthair ó bhéal ó aon ghrúpa ionadaíoch nó ó aon duine chun cabhrú leis plé agus machnamh a dhéanamh ar ábhar.