Moltaí ar an tslí is fearr chun dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois
Socraíodh na hathruithe a chuirfí i bhfeidhm trí vóta ballóide agus i ndiaidh dhá dheireadh seachtaine plé a dhírigh ar chúram fadtéarmach agus maireachtáil neamhspleách, ioncam, soláthar pinsin agus deiseanna a chruthú ar scor.
Bhí 16 cheist san iomlán ar an mballóid:
- Mhol 100% de chomhaltaí go gcaithfeadh an Rialtas tús áite a thabhairt do na polasaithe agus straitéisí atá ann cheana maidir le daoine breacaosta agus iad a chur i bhfeidhm go práinneach (mar shampla An Straitéis Náisiúnta um Aosú Dearfach).
- Vótáil 60% de chomhaltaí gur cheart gur duine den teaghlach/an duine breacaosta a bheadh freagrach as an gcúram atá de dhíth a chur ar fáil do dhaoine breacaosta, ach gur cheart go mbeadh ar a laghad cuid den fhreagracht ar an Stát.
- Mhol 87% de chomhaltaí go méadófaí an méid acmhainní poiblí a chuirtear ar fáil maidir le cúram do dhaoine breacaosta.
- Sa cheist seo, iarradh ar chomhaltaí na réimsí ar cheart maoiniú breise maidir le cúram do dhaoine breacaosta a chaitheamh go príomha a chur in ord tosaíochta. Seirbhísí cúraim baile agus tacaíocht an chéad rogha a bhí ag formhór na gcomhaltaí.
- Sa cheist seo, iarradh ar chomhaltaí an áit as ar cheart maoiniú foriomlán maidir le cúram do dhaoine breacaosta a theacht dar leo a chur in ord tosaíochta. Íocaíocht éigeantach árachais shóisialta an chéad rogha a bhí ag formhór na gcomhaltaí.
- Mhol 99% de chomhaltaí go gcuirfeadh an Rialtas dlús faoin tiomantas reatha chun stádas reachtúil a thabhairt do chúram baile do dhaoine breacaosta.
- Vótáil 99% de chomhaltaí go gcuirfí síneadh le rialachán, ar nós an rialachán atá ann faoi láthair maidir le hionaid chónaithe, chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine breacaosta atá ag fáil seirbhísí sláinte agus cúraim.
- Rinne na comhaltaí moltaí faoi shíneadh a chur leis an rialachán maidir le seirbhísí sláinte agus cúraim do dhaoine breacaosta: Seirbhísí faoisimh, Seirbhísí Cúraim Lae, seirbhísí Cúraim agus tacaíochta a chuireann soláthróirí seirbhíse ar fáil i dteach an duine, seirbhísí cúraim agus tacaíochta a chuirtear ar fáil le tacaíocht ó scéim tithíochta.
- Mhol 87% de chomhaltaí gur cheart don Rialtas scéim pinsin shainordaitheach de chineál éigin a thabhairt isteach chun an pinsean Stáit a fhorlíonadh.
- Mhol 96% de chomhaltaí go bhfaighfí réidh leis an aimhrialtacht, a tharlaíonn nuair a chaithfidh duine dul ar scor ag aois 65 ach nach bhfuil i dteideal pinsean an Stáit a fháil go mbeidh siad 66 bliain d'aois.
- Mhol 86% de chomhaltaí go gcuirfí scor sainordaitheach bunaithe ar aois ar ceal.
- Mhol 88% de chomhaltaí an pinsean Stáit a thagarmharcáil trí thagairt do mheán-ioncam.
- Mhol 100% de chomhaltaí gur cheart don Rialtas céimeanna a ghlacadh chun scéimeanna pinsin príobháideacha a réasúnú chun go n-áireofar iontu trédhearcacht níos mó maidir le táillí.
- Mhol 87% de chomhaltaí go ndéanfadh an Rialtas Scéim na dTeaghlachóirí a shiardhátú go dtí 1973
- Mhol 99% de chomhaltaí go ndéanfaí tacaíocht an Stáit do chúramóirí, lena n-áirítear rochtain ar oideachas, athoiliúint agus socruithe pinsin a fheabhsú.
Thug Cuid C, ceist 16 ar an bpáipéar ballóide deis do chomhaltaí moltaí a dhéanamh ar shaincheisteanna eile a tháinig chun cinn nuair a bhí an t-ábhar á phlé ach nach raibh aon bhaint dhíreach acu leis na hábhair seo: cúram fadtéarmach, pinsin, ioncam agus dul ar scor. Iarradh ar chomhaltaí tábhacht na saincheisteanna seo leanas a chur in ord tosaíochta. Rinne na comhaltaí na moltaí seo a leanas chomh maith:
- Ba cheart an fhreagracht maidir le daoine breacaosta a shannadh go hoifigiúil ar Aire Stáit do Dhaoine Breacaosta ar leithligh (92%)
- Pointe teagmhála ar leithligh a bheith ann le go mbeidh daoine breacaosta in ann rochtain a fháil ar eolas faoi sheirbhísí, tacaíochtaí agus teidlíochtaí, le tacaíocht ó fheachtas náisiúnta feasachta (91%)
- Céimeanna a ghlacadh lena chinntiú go mbeidh guth níos láidre ag daoine breacaosta agus a gcuid riachtanas cúraim féin á socrú acu (88%)
- Ceannaireacht rialtais níos láidre a chinntiú maidir le tús áite a thabhairt do riachtanais chúraim sláinte agus shóisialta dhaoine breacaosta (83%)
- Ba cheart don Stát aistrithe neamh-airgeadais idir na glúine a chur chun cinn agus a eagrú agus tacaíocht a thabhairt dóibh, mar shampla idir daoine óga agus daoine breacaosta (73%)
- Ba cheart don Stát feidhm phráinneach a chur le forálacha an Achta um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 nár cuireadh i bhfeidhm go fóill agus reachtaíocht maidir le daoine fásta a d'fhéadfadh a bheith leochaileach a chosaint a achtú go práinneach (92%)