Fáilte go dtí an láithreán gréasáin le haghaidh Thionól na Saoránach 2016-2018

Cleachtadh ar an daonlathas breithniúcháin a bhí sa Tionól Saoránach 2016-2018, rud a chuireann an saoránach i gcroílár ceisteanna tábhachtacha dlí agus beartas atá roimh phobal na hÉireann. Bhreithnigh na céad Ball na hábhair thíos agus sainchomhairle, comhairle neamhchlaonta, agus comhairle fíorasach mar chuidiú acu. Baineadh úsáid as a gcuid conclúidí mar bhun taca do thuarascálacha agus do mholtaí a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena bplé tuilleadh ag Ionadaithe Tofa.

Aighneachtaí

Fuarthas líon mór aighneachtaí ó dhaoine den phobal, daoine acadúla, cleachtóirí, grúpaí abhcóideachta/leasmhara agus ó eagraíochtaí ionadaíochta eile maidir leis na cúig ábhar a bhí á mbreithniú ag an Tionól. Is féidir na haighneachtaí sin a léamh ar líne.

Scannán

Rinneadh imeachtaí poiblí an Tionóil ag gach cruinniú deireadh seachtaine a shruthú beo.  Tá an píosa scannánaíochta le fáil ar ár gcainéal Youtube agus is féidir féachaint siar air.