Thug an tAcht um Chosaint Sonraí, 1988 agus an tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003, cosaint ar chearta príobháideachais an duine aonair maidir le sonraí pearsanta, mar shampla, sonraí a bhaineann leo atá á gcoinneáil ar chomhaid ríomhaire nó ar chomhaid láimhe is féidir a struchtúrú nó a chuardach trí thagairt a dhéanamh do dhaoine aonair.
Tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018. Leagtar síos creat nua sa Rialachán le sonraí an duine aonair a chosaint agus tá a fhorálacha infheidhme go díreach i ngach stát de chuid an AE ón Aoine, 25 Bealtaine. Cuireann an GDPR béim ar thrédhearcacht, ar shlándáil agus ar chuntasacht rialaitheoirí sonraí agus neartaíonn sé cearta an tsaoránaigh i leith príobháideachas sonraí ag an am céanna. Tagann an GDPR in áit na Treorach um Chosaint Sonra 1995.
Tugtar breac-chuntas sa Bheartas Cosanta Sonraí leasaithe seo de chuid an Tionóil Saoránach maidir le mar a dhéanfaimid an GDPR a chomhlíonadh ó thaobh bainistiú agus próiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le daoine aonair.
Prionsabail um Chosaint Sonraí
Ó bunaíodh é i mí Iúil 2016, tá an Tionól Saoránach ag feidhmiú a chuid freagrachta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1998 agus 2003 de réir na n-ocht (8) bprionsabal um Chosaint Sonraí seo a leanas:-
- Faisnéis a fháil agus a phróiseáil go cothrom;
- An fhaisnéis a choinneáil do chríocha sainiúla, follasacha agus dlíthiúla amháin;
- Sonraí a úsáid agus a nochtadh ar bhealaí atá comhoiriúnach leis na críocha sin amháin;
- Sonraí a choinneáil sábháilte agus slán;
- Sonraí a choinneáil cruinn, comhlán agus cothrom le dáta;
- A chinntiú go bhfuil sonraí leordhóthanach, ábhartha agus nach bhfuil siad iomarcach;
- Gan sonraí a choinneáil níos faide ná mar is gá do chríoch(a) a bhfuarthas iad;
- Cóip dá chuid/dá cuid sonraí pearsanta a thabhairt don duine aonair ar iarratas.
Cuirfidh an tAcht um Chosaint Sonraí 2018 nua leis an reachtaíocht a bhí ann roimhe seo. Leagtar amach sa GDPR na prionsabail seo a leanas maidir le sonraí pearsanta a chosaint:-
- Ní mór Sonraí Pearsanta a bhailiú ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach;
- Níor chóir iad a fháil ach amháin do chríocha sainiúla agus dleathacha;
- Níor chóir iad a úsáid ach amháin ar bhealaí atá comhoiriúnach leis na críocha sin;
- Ní mór sonraí a bheith cruinn, ábhartha, iomlán agus cothrom le dáta;
- Níor chóir iad a choimeád níos faide ná mar is gá;
- Ní mór iad a phróiseáil ar bhealach a chinntíonn slándáil chuí sonraí pearsanta.
Freagracht
Is ionann an Tionól Saoránach agus feidhm sa daonlathas breithniúcháin, a chuireann an saoránach i gcroílár saincheisteanna dlíthiúla agus beartais atá tábhachtach agus atá i ndán do shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Le buntáiste ó chomhairle saineolaíoch, atá neamhchlaonta agus fíorasach, tá líon ábhair a cuireadh os a gcomhair breithnithe ag an 100 saoránach. Chuir a gconclúidí bonn ar fáil do líon tuarascála agus moltaí a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais le go ndéanfaidh ionadaithe tofa tuilleadh díospóireachta orthu. Amhail an 25 Bealtaine 2018, chuir an Tionól trí thuarascáil faoi bhráid agus cuirfear tuarascáil deiridh eile faoi bhráid an mhí seo chugainn.
Tá an fhoireann go léir agus iad siúd atá ar chonradh chun oibriú leis nó seirbhís a chur ar fáil don Tionól tiomanta go daingean príobháideachas pearsanta agus comhlíonadh na Reachtaíochta Cosanta sonraí a chinntiú.
Oibríonn an Tionól faoi shé phríomhphrionsabal – Oscailteacht, Cothroime, Comhionnanas, Éifeachtúlacht, Meas agus Comhghleacaíocht.
Comhaltaí – Sonraí Pearsanta
Táimid tiomanta do phríobháideachas ár gComhaltaí a chosaint trínár Rialacha agus Nósanna imeachta comhaontaithe. Ní bhailítear mionsonraí Comhaltaí ach do chríocha faisnéise amháin agus ní fhoilsítear ach ainmneacha agus ceantair ghinearálta a dtagann na Comhaltaí astu. Caitear faoi dhianrún leis na mionsonraí eile go léir.
Bailíodh mionsonraí pearsanta daoine aonair nuair a earcaíodh iad agus bailíodh mionsonraí breise má tugadh cuireadh do dhuine aonair a bheith mar Lánchomhalta den Tionól. Ní bhaintear úsáid as na mionsonraí seo ach amháin do chríocha teagmháil a dhéanamh le comhaltaí maidir le gnó an Tionóil agus ní fhoilsítear go poiblí riamh iad.
Aighneachtaí – Sonraí Pearsanta
Tá breac-chuntas soiléir tugtha freisin inár mbeartas ar fhoilsiú sonraí pearsanta maidir leis an bpróiseas Aighneachtaí ar an láithreán gréasáin ag www.citizensassembly.ie.
- Foilseofar gach aighneacht a sheolfar isteach ar an láithreán gréasáin agus taispeánfar ainm iomlán (céadainm, sloinne)/ainm na heagraíochta, más cuí.
- Ní ghlacfar le haighneachtaí anaithnid.
- I gcás scéalta pearsanta agus aighneachtaí atá goilliúnach, bainfear amach na sonraí pearsanta go léir agus na mionsonraí in-sainaitheanta gaolmhara nó cuirfear in eagar iad má éilítear sin.
Ní fhoilsíonn an Tionól aon sonraí pearsanta in-sainaitheanta a fhaightear le haighneachtaí.
Saineolaithe/Cainteoirí/Rannpháirtithe – Sonraí Pearsanta
Ní fhoilseofar faisnéis phearsanta a chuireann saineolaithe, cainteoirí agus rannpháirtithe eile ar fáil do bhreithniúcháin an Tionóil ach amháin má tá siad ar an eolas agus/nó lena gcead.
Arís, ní bhainfear úsáid as a gcuid sonraí pearsanta ach amháin le teagmháil a dhéanamh leo maidir le gnó an Tionóil de réir mar is cuí.
Láimhseáil Sonraí
Cinnteoidh an fhoireann, agus iad ag láimhseáil sonraí pearsanta, agus le sárú sonraí pearsanta a sheachaint, nach mbainfear úsáid as sonraí pearsanta den sórt sin ach amháin chun na críche ar seoladh isteach iad, coinneofar faoi rún iad mar is cuí agus daingneofar na sonraí pearsanta go sábháilte nuair nach bhfuil siad á n-úsáid.
Slándáil Sonraí
Tá meas againn ar chearta úsáideoirí an láithreáin gréasáin agus mar riail ghinearálta, ní bhaileoimid faisnéis pearsanta mura dtugtar an fhaisnéis sin go deonach. Caithfear le faisnéis phearsanta den sórt sin de réir na gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, agus go dlúth de réir na Reachtaíochta Cosanta Sonraí. Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a chuireann úsáideoirí ar fáil dúinn ach amháin ar aon dul leis an gcríoch a gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil.
Sá chás go gcuireann úsáideoir faisnéis phearsanta ar fáil ar bhonn deonach mar fhreagra ar cheistiúchán nó ar shuirbhé, is chun críocha taighde agus anailíse amháin a bhainfear úsáid as na sonraí sin.
Ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta linn ó thaobh brabhsáil gréasáin, cé go mbíonn faisnéis staidrimh áirithe ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse idirlín. D’fhéadfadh sé go n-áireodh an fhaisnéis sin:
- Seoladh loighciúil an fhreastalaí atá á úsáid
- Ainm fearainn ardleibhéil óna bhfuil an tIdirlíon á rochtain (mar shampla, m.sh. com, .org srl.)
- An cineál brabhsálaí atá á úsáid
- An dáta agus an t-am a bhfaigheann duine éigin rochtain chuig an láithreán
- An seoladh idirlín atá in úsáid le nascadh lenár láithreán
Baintear úsáid as roinnt den fhaisnéis thuas le hachoimre staidrimh a chruthú a thugann deis dúinn rochtain a fháil ar an líon cuairteoirí chuig an láithreán gréasáin, na leathanaigh is minice atá á rochtain a aithint agus go ginearálta cuidiú linn an láithreán gréasáin a dhéanamh níos éasca le húsáid.
Google Analytics
Na meáin shóisialta – d’fhéadfadh roinnt láithreán gréasáin tríú páirtí ar nós Twitter úsáid a bhaint as fianáin.
Baineann láithreán Gréasáin an Tionóil Saoránach úsáid as Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a chuireann Google, Inc. (“Google”) ar fáil. Baineann Google Analytics úsáid as “fianáin”, arbh ionann iad agus téacschomhaid atá curtha ar do ríomhaire chun cuidiú leis an láithreán gréasáin anailís a dhéanamh ar an mbealach a mbaineann úsáideoirí úsáid as an láithreán. Déanfar an fhaisnéis a chruthaíonn fianán maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin (lena n-áirítear do sheoladh IP) a tharchur chuig freastalaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus déanfaidh Google an fhaisnéis a stóráil orthu sin. Bainfidh Google úsáid as an fhaisnéis seo ar mhaithe le meastóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, cuirtear tuarascálacha le chéile d’oibreoirí láithreán gréasáin maidir le gníomhaíocht ar an láithreán gréasáin agus le seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann le gníomhaíocht láithreáin gréasáin agus le húsáid idirlín.
D’fhéadfadh Google an fhaisnéis seo a tharchur freisin chuig tríú páirtithe sá chás go gceanglaítear orthu é sin a dhéanamh de réir dlí, nó sa chás go ndéanann tríú páirtithe den sórt sin próiseáil ar an fhaisnéis thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá á gcoinneáil ag Google. Is féidir leat diúltú fianáin a úsáid trí na socruithe cuí ar do bhrabhsálaí, tabhair ar aird le do thoil, áfach, má dhéanann tú é sin go bhféadfadh sé nach mbeadh ar do chumas feidhmiúlacht iomlán an láithreáin gréasáin seo a úsáid.
Toilíonn úsáideoirí, trí úsáid a bhaint as láithreán gréasáin an Tionóil Saoránach, go ndéanfaidh Google próiseáil ar shonraí maidir leo ar an mbealach agus chun na gcríoch a leagtar amach thuas.
Córais Ríomhphoist agus Ríomhchórais Inmheánacha
Déantar óstach ar chórais ríomhphoist agus ríomhchórais inmheánacha an Tionóil Saoránach ar líonra slán Roinn an Taoisigh agus tá siad faoi chosaint ag bearta slándála éagsúla, lena n-áirítear, ballaí dóiteáin faoi stiúir tionscal, lena chinntiú nach féidir ach le foireann an Tionóil Saoránach amháin córais agus sonraí an Tionóil Saoránach a rochtain agus tá na sonraí seo á gcoinneáil sábháilte agus slán.
Athbhreithniú
Thug an Tionól Saoránach a chuid breithniúcháin féin chun críche ag a chruinniú deiridh an 14/15 Aibreán 2018 agus cuirfear clabhsúr ar Rúnaíocht an Tionóil.
Ní dhéanfaidh an Tionól aon teagmháil eile le Comhaltaí, Soláthróirí, Saineolaithe, Cainteoirí, Rannpháirtithe nó leis an bpobal i gcoitinne nuair a bheidh obair an Tionóil tugtha chun críche.
Freastalóidh an Tionól ar a chuid oibleagáidí, áfach, faoin Acht um Chartlanna Náisiúnta maidir le taifid a choimeád, agus le taifid a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta tar éis 30 bliain.
Táimid ag súil le teagmháil íosta a bheith againn leis na daoine aonair agus leis na grúpaí atá luaite roimhe seo ón 25 Bealtaine 2018 ar aghaidh.
Déanfar athbhreithniú ar an mBeartas seo de réir mar is cuí i bhfianaise forbairtí reachtaíochta nó aon fhorbairtí ábhartha eile.