Cóipcheart agus Séanadh
Cóipcheart
Tá an t-ábhar atá ar an láithreán seo faoi réir ag cóipcheart Rialtais de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Is féidir an t-ábhar a íoslódáil go dtí comhad nó printéir gan cead sonrach a fháil roimh ré.
Ní theastaíonn cead foirmiúil uait chun naisc hipirtéacs chuig an láithreán seo a bhunú ná chun físeáin atá ar an láithreán seo a leabú.
Beidh aon úsáid eile atá beartaithe a bhaint as an ábhar faoi réir théarmaí na Rialachán um Athúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí 2005 (SI 279 de 2005), arna leasú le I.R. Uimhir 525/2015 - Rialacháin um Pobail Eorpacha (Athúsáid na Faisnéise Earnála Poiblí) (Leasú) 2015..
Ní shíneann an cead maidir le hábhar cóipchirt de chuid an Rialtais a athsholáthar chuig aon ábhar ar an láithreán seo a bhféadfadh sé gur maoin de chuid an tríú páirtí é. Ní mór údarú a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann maidir le hábhar den sórt sin a athsholáthar.
Níl cead ag tríú páirtithe aighneachtaí a cuireadh ar láithreán greásáin an Choinbhinsiúin a fhoilsiú ná a athúsáid gan cead ón údar.
Athúsáid na Rialachán Faisnéise Earnála Poiblí, 2005 (IR 279 de 2005), arna leasú le I.R. Uimhir 525/2015 - Rialacháin um Pobail Eorpacha (Athúsáid na Faisnéise Earnála Poiblí) (Leasú) 2015.
Comhlíonann an láithreán gréasáin seo na rialacháin maidir le hAthúsáid Faisnéise na hEarnála Poiblí agus molaimid athúsáid a bhaint as an fhaisnéis a chuirimid ar fáil. Tá na rialacháin ar fáil ag www.psi.gov.ie.
Séanadh
Chun críocha faisnéise amháin a fhoilsítear aighneachtaí ar an láithreán gréasáin seo agus ní hionann foilsiú na n-aighneachtaí is a rá go dtacaíonn an Tionól le haon tuairimíocht a chuirtear in iúl iontu.
Tá sé i gceist go gcuirfeadh ábhar na leathanach seo leis an teacht atá ag an bpobal ar fhaisnéis faoi obair an Tionól Saoránach. Cé go ndéantar gach iarracht ábhar á ullmhú lena fhoilsiú, ní ghlactar aon fhreagracht ag an dTionól Saoránach nó thar a cheann as aon earráidí, easnaimh nó ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon láithreán a bhfuil nasc ag na leathanaigh seo leo. Cé go ndéantar gach iarracht iontaofacht na láithreán liostaithe a chinntiú, ní féidir glacadh leis go dtacaítear leo.
Baineann an láithreán gréasáin seo úsáid as láithreáin neamhrialtais le go mbeidh fáil níos forleithne ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí. Uaireanta bímid i dteagmháil leat go díreach ar na láithreáin sin, uaireanta bainimid úsáid as na seirbhísí sin toisc go bhfuilimid ag iarraidh a bheith san áit ina bhfuil tusa cheana féin. Tá sé tábhachtach cuimhneamh gur láithreáin tráchtála iad seo agus nach gá dóibh caighdeáin an rialtais a leanúint. Smaoineamh maith é i gcónaí a bheith ar an eolas faoi rialacha agus beartais phríobháideacha na láithreán seo. De ghnáth, bíonn naisc chuig beartais ag bun an leathanaigh (buntásc), nó uaireanta ar bharr an leathanaigh (ceanntásc).