Eolas faoi Thionól na Saoránach
An Cathaoirleach agus 99 saoránach atá ar an Tionól, a roghnaíodh go randamach agus atá ionadaíoch ar thoghthóirí na hÉireann ar an mórchóir. Bunaíodh an Tionól chun cuid de na ceisteanna is tábhachtaí a bhaineann le todhchaí na tíre a bhreithniú.
Phléigh Baill an Tionóil na hábhair mar atá leagtha amach sa Rún a cheadaíonn a bhunú an Tionóil. Bhí a gconclúidí ar gach ábhar ina mbun taca do thuarascálacha agus do mholtaí aonair a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais lena bplé tuilleadh ag ár n-ionadaithe tofa.
Tháinig an Tionól le chéile 12 uair ó Dheireadh Fómhair 2016 faoi Chathaoirleacht an Bhreithimh Mary Laffoy.
Tá bileog eolais le haghaidh tagairt mhear curtha le chéile ag an Rúnaíocht faoi mar a oibríonn an Tionól Saoránach agus obair an Tionóil.