Baill Saoránaigh
Beidh 99 Ball saoránaigh sa Tionól, mar aon leis an gCathaoirleach. Roghnaíodh Baill an Tionóil go randamach chun a bheith ionadaíoch do thuairimí mhuintir na hÉireann. Beidh na Baill sin ionadaíoch don tsochaí trí chéile mar a léiríonn an Daonáireamh í, ó thaobh aoise, inscne, aicme shóisialta agus réigiúin etc. Lena chois sin, caithfidh siad a bheith ar an gclár toghthóirí chun vótáil i reifreann.
Ó bhí an cruinniú tionscnaimh ann an 15 Deireadh Fómhair 2016 tá daoine tagtha in áit 53 de na Baill bhunaidh.
- Rinneadh 11 Ball nua a earcú idir an cruinniú tionscnaimh i nDeireadh Fómhair 2016 agus ag cruinniú Samhna an Tionóil.
- Rinneadh 4 Baill eile a earcú i ndiaidh chruinniú na Samhna 2016 agus roimh chruinniú mhí Eanáir 2017.
- Rinneadh 9 Ball nua a earcú idir chruinniú mhí Eanáir 2017agus chruinniú mhí Feabhra 2017.
- Rinneadh 7 Ball nua i ndiaidh chruinniú mhí Aibreáin 2017.
- Rinneadh 6 Ball nua i ndiaidh chruinniú mhí Meitheamh 2017.
- Rinneadh 1 Ball nua i ndiaidh chruinniú mhí Iúil 2017.
- Rinneadh 2 Ball nua i ndiaidh chruinniú mhí Meán Fómhair 2017.
- Rinneadh 13 Ball nua i ndiaidh chruinniú mhí Samhain 2017.
Den 53 Ball ar tháinig daoine eile ina n-áit, thug 20 acu le fios nuair a earcaíodh iad ar dtús go raibh siad sásta a bheith páirteach sa Tionól ach níor fhreastail siad ar aon chruinniú agus dá bhrí fuarthas daoine ina n-áit. Cuireadh daoine eile in áit na naoi nduine dhéag (19) roimh chruinniú mhí Eanáir 2018. Tharraing comhalta amháin siar ó bhí an cruinniú sin ann i mí Eanáir agus níor cuireadh duine ar bith eile ina áit.
I ndiaidh chruinniú mhí Feabhra, tharraing 4 Ball eile siar as an bpróiseas ach ní bhfuarthas aon duine ina n-áit. Ghlac an Cathaoirleach cinneadh gan daoine a chur in áit baill a tharraing siar as an bpróiseas i ndiaidh chruinniú mhí Feabhra. Socraíodh gurb é seo an cur chuige ceart de bharr an méid ábhair a bhí scaipthe go dtí sin faoi shaincheist an Ochtú Leasú ar an mBunreacht le linn cruinnithe deiridh seachtaine roimhe seo an Tionóil chomh maith le a chasta is a bhí an t-ábhar agus go raibh sé breithnithe go mion. Glacadh san áireamh freisin nach raibh ach dhá dheireadh seachtaine fanta chun an t-ábhar seo a bhreithniú agus moltaí a dhéanamh ina leith.
Ar an ábhar sin, 95 Ball a bhí in ainm is freastal ar chruinniú Aibreáin an Tionóil.
Tar éis cruinniú mhí Eanáir 2018, cuireadh an Cathaoirleach ar an eolas go raibh seachtar comhalta nua i láthair agus ag vótáil an deireadh seachtaine sin agus go raibh siad earcaithe ar bhealach nach raibh ag comhlíonadh na modheolaíochta comhaontaithe earcaíochta do chomhaltaí an Tionóil Saoránach. Ní bheidh aon pháirt eile ag na Comhaltaí sin sa Tionól Saoránach. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.
Is ar chúiseanna pearsanta a tharraing go leor díobh sin amach ina measc tinneas, duine muinteartha a bheith breoite, athrú ar fhostaíocht nó cúinsí eile.
REDC a rinne gach Ball ionaid chuig an Tionóil a earcú de réir cuótaí déimeagrafacha an Daonáirimh.
Cliceáil anseo le haghaidh liosta Bhaill an Tionóil.
Tá liosta den 152 duine aonair a bhí ina mBall den Tionól ó mhí Dheireadh Fómhair 2016, iarbhaill agus baill reatha san áireamh, ar fáil anseo.
Cathaoirleach

An tOnórach Mary Laffoy
Bhain an tOnórach Laffoy céim B.A. amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1968. Ina dhiaidh sin, idir 1968 agus 1971, rinne sí staidéar ar an dlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath. Glaodh chun an bharra í i mí Iúil 1971.
Ba abhcóide í ó aimsir théarma Michaelmas i 1971 go dtí gur ceapadh chun na hArd-Chúirte í. Ligeadh isteach i mBarra na Sinsear í le linn théarma Michaelmas i 1987.
Ceapadh sí mar Bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte in Aibreán na bliana 1995. Le linn di a bheith ar Bhinse na hArd-Chúirte, is le dlíthíocht shibhialta is mó a bhí sí ag plé, go mór mór i réimse dhlí na seansaireachta.
Ceapadh sí chun na Cúirte Uachtaraí i mí Dheireadh Fómhair 2013 agus d'éirigh as i mí Meithimh 2017.
Conas a roghnaíodh na baill saoránaigh?
Tar éis próiseas tairisceana poiblí , fostaíodh Red C Research and Marketing Ltd chun 99 Ball saoránaigh agus 99 ionadaí an Tionóil a roghnú.
I mí Mheán Fómhair agus Dheireadh Fómhair 2016 a hearcaíodh na Baill ar dtús ach tugadh faoi bhreis earcaíochta de réir mar a bhí ionadaithe ag teastáil.
Foireann d'earcaitheoirí ardghairmiúil ó REDC Research and Marketing Ltd a rinne an earcaíocht ar fud 15 cheantar réigiúnach ar fud na tíre. Ar bhonn randamach a roghnaíodh na pointí samplála de réir shonraí Dhaonáireamh 2011 agus de réir mheastacháin daonra an QNHS chun a chinntiú go raibh siad ionadaíoch go náisiúnta ó thaobh na tíreolaíochta. Ní gá leis sin, áfach, go ndearnadh ionadaíocht ar gach contae. Tá an próiseas a d'úsáid REDC leagtha amach chun a chinntiú go bhfuil na Baill ionadaíoch tríd is tríd ar shochaí na hÉireann, an deighilt idir ceantair thuaithe agus uirbeacha san áireamh.
Go randamach a roghnaíodh na baill agus tá siad ionadaíoch d'athróga déimeagrafacha faoi mar a léirítear sa Daonáireamh iad. Maidir leis an gcuóta a bhí le baint amach ag gach agallóir sa Toghroinn Cheantair (DED), bhí sé bunaithe ar roinnt athróga deimeagrafacha - inscne, aois agus aicme shóisialta.
Déantar aicme shóisialta na bhfreagróirí a rangú de réir a ngairme féin. Déantar gairmeacha ansin a rangú in dhá ghrúpa éagsúla aicme agus tá oiliúint ar agallóirí chun tuilleadh ceisteanna a chur lena chinntiú go bhfuiltear ag rangú daoine mar is ceart. Ar leibhéal an-bhunúsach, aithnítear na grúpaí seo a leanas.
Aicme Shóisialta - Sainmhíniúcháin Bhunúsacha
Ardleibhéal bainistíochta/gairme/riaracháin (Dochtúir, Aturnae bhunaithe, Stiúrthóir Boird in eagraíocht mhór 200+fostaithe, fostaí ardleibhéal sa Státseirbhís/sa tSeirbhís Phoiblí /fostaí Rialtais mar shampla) | A |
Meánleibéal bainistíochta/gairme/riaracháin (Dochtúir, Aturnae/Dlíodóir nua-cháilithe (faoi 3 bliana), Stiúrthóir Boird in eagraíocht bheag, meán-bhainisteoir in eagraíocht mhór, Príomhoifigeach sa Státseirbhís/rialtas áitiúil | B |
Maoirsiú nó cléireachas/bainisteoir ag leibhéal sóisearach bainistíochta/gairme/riaracháin (oibrí Oifige, Ábhar Dochtúra/Mac Léinn Leighis, Saoiste le 25+ fostaí faoina chúram, Lucht Díolachán, Altra, Múinteoir srl mar shampla) NÓ Mac léinn | C1 |
Oibrí oilte (m.sh. Brícléir Oilte, Siúinéir, Pluiméir, Péintéir, Tiománaí Bus/Otharchairr, Tiománaí HGV, fear patróil AA, Póilín, Comhraiceoir Dóiteáin, Chef, Fear/Bean Beáir srl.) | C2 |
Oibrí oilte nó neamhoilte (m.sh. oibrithe láimhe, gach printíseach ceirde, Feighlithe, Coimeádaí Páirce, Tiománaí nach tiománaí HGV, Cúntóir Siopa) | D |
Oibrí ócáideach - nach bhfuil i bhfostaíocht bhuan NÓ Bean tí/Fear tí NÓ Ar scor nó ag maireachtáil ar phinsean stáit/Rialtais NÓ Dífhostaithe nó gan a bheith ag obair de bharr breoiteacht fhadtéarmach NÓ Cúramóir lánaimseartha ag duine eile sa teach | E |
Feirmeoir/Oibrí Talmhaíochta | F |
Déantar an aicmiú sóisialta a sheiceáil arís trí agallamh bailíochtaithe arna stiúradh ag duine d'fhoireann REDC nuair a bhítear a chinntiú go bhfuil gach duine earcaithe mar is ceart. Déantar cionroinnt na n-aicmí sóisialta i measc an daonra a aontú le AIMRO, Association of Irish Market Research Organisation, agus tá eolas maith orthu. Baintear leas as an gcionroinnt sin ansin chun cuótaí a leagan amach do bhallraíocht an Tionóil.
Arna n-earcú, cuireadh in iúl go soiléir do Bhaill nach gcuirfí aon fhaisnéis phearsanta ar fáil don phobal seachas a n-ainm agus an ceantar ginearálta ar as iad. Tá an fhaisnéis sin ar fáil ar an láithreán gréasáin.
Ba chóir a thabhairt ar aird, nár glacadh le hiarratais díreach ón bpobal le bheith páirteach sa Tionól. Ar an gcaoi chéanna, níor ceadaíodh d'agallóirí cairde ná gaolta leo a earcú.
Sular earcaíodh Baill an Tionóil Saoránach, beartaíodh go gcuirfí as an áireamh baill de ghrúpaí a dhéanann abhcóideacht ar na hábhair atá le breithniú ag an Tionól. An réasúnú a bhí leis an gcinneadh sin ná go bhfuil cuireadh faighte ag grúpaí leasa aighneachtaí a dhéanamh ar nithe a bhaineann leo.
Chun an t-eolas seo a dheimhniú fiafraíodh, le linn an phróisis earcaíochta, de dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ina mBaill den Tionól an raibh siad, ag an tráth sin nó riamh, i mbun gnímh i ról abhcóideachta thar ceann aon ghrúpa leasa nó grúpa stocaireachta atá i mbun feachtais maidir le haon cheann de na ceisteanna atá le breithniú ag an Tionól nó an raibh sé beartaithe acu sin a dhéanamh. Fiafraíodh sin arís de dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ina mBaill ag an agallamh bailíochtaithe ina dhiaidh sin. Cuireadh as an áireamh daoine a dúirt go raibh baint acu le grúpa dá leithéid nó a raibh sé beartaithe acu baint a bheith acu lena leithéid.
Níor cuireadh as an áireamh Saoránaigh a bhfuil tuairimí nochta acu cheana ar cheann ar bith de na ceisteanna a chuirfear faoi bhráid an Tionóil agus ní chuirfear agus toisc gur go randamach a roghnaítear daoine, d'fhéadfadh go mbeadh Baill ann a aontaíonn le taobh amháin de dhíospóireacht nó le taobh eile di. Mar sin féin, tá iarrtha ag Cathaoirleach an Tionóil go stadfadh Baill de bheith ag trácht ar na ceisteanna go poiblí agus iad fós á bplé, mar chomhartha ómóis dá gComhbhaill saoránaigh agus chun sláine an phróisis Tionóil a chosaint.
Tá tuilleadh eolais ar an modheolaíocht a úsáideadh chun Baill a aithint anseo.
Tá cóip den cheistneoir earcaíochta a d'úsáid agallóirí Red C le fáil anseo. Is féidir cóip den cheistneoir bailíochtaithe iarghlaoigh a fheiceáil anseo.
Ullmhaíodh leabhrán do bhaill ionchasacha chun tuilleadh comhairle a chur ar fáil faoina bhfuil i gceist le bheith i do Bhall, atá ar fáil anseo.
Conas a roghnaíodh an Cathaoirleach?
Cheap an Rialtas an tOnórach Laffoy ina Cathaoirleach ar an Tionól an 27 Iúil 2016.