Bunú an Tionóil

Bunú an Tionáil

Ceanglaítear ar an Rialtas tríd an gClár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta Tionól Saoránach a bhunú, laistigh de shé mhí agus gan rannpháirtíocht polaiteoirí a bheith i gceist leis, agus mandáid aige féachaint ar líon teoranta saincheisteanna thar thréimhse fhada ama.’ 

Síneadh le Téarma an Tionóil

Sonraíodh i dtéarmaí tagartha an Tionóil go gcuirfí breithniúchán ar an gcúig ábhar i gcrích "tráth nach déanaí ná bliain ó dháta an chéad chruinnithe de chuid an Tionóil, i.e. Samhain 2016. 

Ba léir nach bhféadfaí na hábhair ar fad a bhreithniú taobh istigh den tréimhse bliana amháin de bharr deireadh seachtaine breise a thabhairt don dara agus don tríú hábhar a bhí le breithniú ag an Tionól,  an bealach is fearr le dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois agus agus mar a fhéadfaidh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide faoi seach. 

Fuair an Tionól síneadh an 3 Deireadh Fómhair 2017 ó Thithe an Oireachtais d'fhonn a chuid breithnithe ar an dá ábhar a bhí fanta a thabhairt chun críche faoi dheireadh mhí an Mhárta 2018.  Bhí síneadh eile de dhíth mar gheall gur cuireadh cruinniú mhí an Mhárta ar ceal de bharr Stoirm Emma agus fuarthas an síneadh sin ó Thithe an Oireachtais.

Téarmaí Tagartha

Aontaíodh téarmaí tagartha an Tionóil i dTithe an Oireachtais i mí Iúil 2016. 

“Go ndéanann Dáil Éireann:

a cheadú go ndéanfar Tionól Saoránach a ghairm chun breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas agus chun cibé moltaí a dhéanamh is cuí leis agus chun tuairisciú do Thithe an Oireachtais:

(i) an tOchtú Leasú ar an mBunreacht;

(ii) conas is fearr is féidir linn tabhairt faoi na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois;

(iii) parlaimintí ar théarma seasta;

(iv) an modh ina seoltar reifrinn; agus

(v)  conas is féidir leis an Stát a chinntiú go mbeidh Éire ina ceannródaí maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide; agus

a thabhairt dá aire:

- gur 100 duine mar a leanas a bheidh i gcomhaltas an Tionóil:

- Cathaoirleach a bheidh le ceapadh ag an Rialtas; agus

-  99 saoránach atá i dteideal vótáil i reifreann, arna roghnú go hamasach sa chaoi go mbeidh siad ionadaitheach do shochaí na hÉireann i gcoitinne;

- féadfar ionadaithe a cheapadh faoi réir na gcritéar roghnóireachta thuas, agus beidh na hionadaithe sin in ann páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil faoina n-ainm féin;

- comhaontóidh an Tionól a rialacha nóis imeachta féin d’fhonn a ghnó a sheoladh go héifeachtach ar shlí a bheidh chomh heacnamúil agus is féidir;

- sa chéad ásc, tabharfaidh an tionól tuarascáil, agus déanfaidh sé moladh, do Thithe an Oireachtais ar an ní a leagtar amach ag (i) thuas, agus ar an méid sin a fháil tarchuirfidh Tithe an Oireachtais an Tuarascáil lena breithniú chuig Coiste den Dá Theach, ar Coiste é a dhéanfaidh a chuid tátal a chur faoi bhráid na dTithe chun díospóireacht a dhéanamh orthu;

-  tuairisceoidh an Tionól do Thithe an Oireachtais agus déanfaidh sé moltaí dóibh ar gach ní eile a luaithe a bheidh a phléití críochnaithe aige agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná bliain amháin ó dháta an chéad chruinnithe den Tionól;

-  iarrfar ar an Tionól freisin breithniú a dhéanamh ar cibé nithe eile a tharchuirfear chuige;

-  bunófar Gasra Comhairleach Saineolaithe chun cabhrú le hobair an Tionóil, ó thaobh faisnéis agus comhairle a ullmhú;

- féadfaidh an Tionól aighneachtaí a iarraidh ó chomhlachtaí leasmhara agus glacadh leo agus lorgóidh sé cibé comhairle shaineolaíoch is dóigh leis is inmhianaithe;

- déanfar gach ní a bheidh os comhair an Tionóil a chinneadh trí thromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh, seachas an Cathaoirleach a mbeidh vóta cinniúna aige nó aici i gcás comhionannas vótaí; agus

- tabharfaidh an Rialtas freagra i dTithe na Oireachtais ar gach moladh a dhéanfaidh an Tionól agus, má tá sé chun glacadh leis an moladh, cuirfidh sé an creat ama in iúl ar lena linn atá sé ag brath aon reifreann gaolmhar a sheoladh”

Cliceáil anseo chun tras-scríbhinn dhíospóireachtaí na Dála agus an tSeanaid a léamh.