Breathnóirí

Cé aige a bhfuil cead freastal ar chruinnithe den Tionól mar bhreathnóir?

De réir Rialacha agus Nósanna Imeachta an Tionóil, ní bheidh teacht ag baill an phobail ar chruinnithe an Tionóil Saoránach ach déanfar na seisiúin iomlánacha a shruthú beo ag  www.citizensassembly.ie.

Mar sin féin, aithnítear go bhféadfadh leas dlisteanach a bheith ag eagraíochtaí/daoine áirithe a bheith i láthair ag na cruinnithe d'fhonn a bhfuil ag tarlú iontu a fheiceáil lena dhá shúil. 

Mar gheall air sin, féadfar cead a thabhairt d'ionadaithe ó na catagóirí seo a leanas a bheith i láthair ag na seisiúin iomlánacha de chruinnithe an Tionóil Saoránach:

  • Grúpaí Abhcóideachta, Eagraíochtaí Neamh-Rialtais agus grúpaí Creidimh
  • Ambasáidí
  • Páirtithe Polaitíochta
  • Lucht Acadúil
  • Páirtnéirí Sóisialta

Rialacha agus Nósanna Imeachta a bhaineann le freastal ar chruinnithe an Tionóil*:

Mar phrionsabal ginearálta, gníomhóidh an Cathaoirleach mar urlabhraí i ndáil le ceisteanna riaracháin nó ceisteanna a bhaineann le nós imeachta.  Ba cheart do bhreathnóirí cloí le gach treoir a thugann an Cathaoirleach dóibh.

Cé go bhfuil ainmneacha agus ainm ginearálta na gceantar arb as do na baill ar fáil ar www.citizensassembly.ie, ní foláir sonraí pearsanta eile na mball a choimeád go hiomlán faoi rún.

Déanfar aon duine nó aon eagraíocht a dhéanfaidh iarracht teagmháil a dhéanamh le ball chun tionchar a imirt ar a chuid tuairimí i dtaobh ábhar áirithe a eisiamh go huathoibríoch ó fhreastal ar chruinnithe an Tionóil.

Féadfaidh breathnóirí a bheith i láthair ag na seisiúin iomlánacha ach caithfidh siad imeacht agus na seisiúin phríobháideacha ar siúl.

Ní foláir do bhreathnóirí fanacht ina dtost le linn na seisiún agus meas a bheith acu ar na baill agus ar na himeachtaí Tionóil ó thús deireadh.

Ní cheadófar gutháin phóca a úsáid.

Déanfar daoine nach gcloíonn leis na rialacha agus na nósanna imeachta seo a eisiamh go huathoibríoch as cruinnithe uile an Tionóil.

*Athbhreithnithe Feabhra 2017