Bunphrionsabail an Tionóil

 Seo a leanas sé bhunphrionsabal an Tionóil:

Oscailteacht: rachaidh an Tionól Saoránach i mbun oibre ar bhealach iomlán trédhearcach agus craolfar gach cruinniú iomlánach beo ar www.citizensassembly.ie agus beidh an cháipéisíocht uile ar fáil do chách. Ba cheart don Tionól a bheith oscailte agus sásta éisteacht leis an uile dhuine sa phobal maidir le haon cheist, lena n-áirítear an Diaspóra agus daoine óga atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nach bhfuil ionadaíocht dhíreach acu i measc bhaill an Tionóil;

Cothroime: is tábhachtach go n-éistfear leis an uile chineál tuairime atá ag daoine i dtaobh gach ceiste agus go gcuirfear ábhar faisnéise den scoth ar fáil do bhaill an Tionóil;

Cead cainte do chách: an cead seo a bheith ag baill uile an Tionóil.  Tabharfar deis do gach ball a chuid tuairimí a nochtadh, más é sin is mian leis;

Éifeachtúlacht: Bainfidh an Tionól an chuid is fearr as an am teoranta atá ag na baill lena chéile agus cinnteoidh sé go scaipfear an cháipéisíocht uile roimh ré le go mbeidh ar chumas na mball iad féin a ullmhú do chruinnithe;

Meas: is tábhachtach go mbraithfeadh baill gur féidir leo cur leis an bplé agus a gcuid tuairimí a nochtadh go neamhfhaiteach agus go muiníneach, gan eagla orthu go ndéanfaí ionsaí pearsanta orthu nó go ndéanfaí cáineadh orthu; agus

Comrádaíocht: oibreoimid as lámha a chéile i spiorad an chairdis agus sinn ag tabhairt aghaidh ar an obair seo.