Cruinnithe

Ba ar an 15 Deireadh Fómhair a bhí an chéad chruinniú den Tionól Saoránach, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. 

I mí Iúil ar dtús a bhí an Tionóil in ainm a chuid cruinnithe a thabhairt chun críche. Shocraigh an Cathaoirleach i mí Márta, áfach, gur cheart cruinniú mhí Bealtaine a chur ar ceal agus cruinniú a reáchtáil ag deireadh mhí Mheán Fómhair ina áit. Ó tharla nach raibh ach ceithre seachtaine sa sceideal bunaidh ó dheireadh an Ochtú Leasú go dtí an deireadh seachtaine ar dhaoine breacaosta agus gan ach 3 seachtain idir sin agus an deireadh seachtaine maidir le hathrú aeráide, mheas an Cathaoirleach nach mbeadh sin cóir ar bhaill, go mbeadh sé dodhéanta ag an Rúnaíocht sin a bhainistiú agus níos tábhachtaí fós nach mbeadh dóthain ama ann ullmhú d'ábhair eile.

Shocraigh an Cathaoirleach ina dhiaidh sin go dteastódh dhá dheireadh seachtaine chun an dara ábhar an bealach is fearr le dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois - a bhreithniú lena chlúdach i gceart. Rinne an Tionól an t-ábhar áirithe seo a mheas an 10-11 Meitheamh 2017 agus 8-9 Iúil 2017.

Socraíodh go mbeadh deireadh seachtaine eile ag teastáil freisin chun tríú ábhar an Tionóil - mar a fhéadfaidh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le dul i ngleic le hathrú aeráidea phlé. Breithneoidh an Tionól an t-ábhar seo an 30 Meán Fómhair - 1 Deireadh Fómhair 2017 agus 4-5 Samhain 2017.

Fuair an Tionól síneadh ó Thithe an Oireachtais i dtús na bliana 2018 d'fhonn a chuid breithnithe ar an dá ábhar atá fanta a thabhairt chun críche.

Tá féilire athbhreithnithe na gcruinnithe uile ar fáil anseo.

Tríd is tríd, is mar seo a leanas a bheidh na cruinnithe leagtha amach:

  • Réamhrá ón gCathaoirleach
  • Cur i láthair ó shaineolaithe
  • Cur i láthair ó ghrúpaí sochaí sibhialta agus ó ghrúpaí abhcóideachta
  • Aighneachtaí ón bPobal a Bhreithniú
  • Seisiúin Ceisteanna agus Freagraí agus Díospóireachtaí
  • Plé comhchéime

Breithniú agus Éascú Plé

Is cuid lárnach de cheacht an Tionóil an plé a dhéanann Baill.  Is cuid de chlár ama gach cruinnithe an plé comhchéime chun deis a thabhairt do Bhaill tuilleadh scrúdaithe, plé agus díospóireachta a dhéanamh ar an ábhar atá á bhreithniú acu.

D'fhonn cuidiú leis an bplé sin, bíonn éascaitheoirí agus daoine a bhreacann síos nótaí i láthair ag gach bord.  Roghnaíodh Roomaxx Ltd chun an tseirbhís seo a chur ar fáil tar éis próiseas tairisceana iomaíoch.

Ag an Tionól Saoránach, is iondúil go mbíonn dhá fhormáid ar leith ag baint le plé comhchéime. Bhí ról an éascaitheora/an té a bhreacann nótaí beagán éagsúil i ngach cás.

Mínítear thíos na difríochtaí seo agus an ról atá ag an éascaitheoir/ té a bhreacann nótaí i ngach cás. 

Plé comhchéime a dhéantar tar éis cur i láthair

Tar éis cur i láthair ó shaineolaí nó ó chainteoir a fuair cuireadh, is iondúil go mbristear an Tionól suas ina ghrúpaí beaga agus go dtosaítear ar an bplé comhchéime chun deis a thabhairt do na Baill plé a dhéanamh ar an méid atá cloiste acu agus éisteacht le tuairimí a chéile. Is é ról an éascaitheora sna cásanna seo:

  • Plé a éascú ar bhealach a chloíonn leis na Bunrialacha agus díriú ar na túsphointí plé a chuireann an rúnaíocht ar fáil.  
  • Aon cheisteanna ón mbord agus ar mhaith leis na Baill go gcuirfeadh an t-éascaitheoir iad thar a gceann sa seisiún poiblí Ceisteanna agus Freagraí  Caithfear an méid seo a aontú le gach Ball agus ba cheart go mbeifí ar aon fhocal freisin ar na ceisteanna tosaíochta atá ag gach bord, ar eagla nach mbeadh dóthain ama ann do gach ceist.  Níl sé éigeantach mar tá cead ag na Baill ceisteanna a chur ar an bpainéalaí iad féin.
  • Achoimre ar an bplé a choimeád le go mbeadh taifead air.  Arís ar ais, caithfear an méid seo a aontú leis na Baill ar fad.

Plé comhchéime

Ó am go ham, déantar plé comhchéime ag an Tionól a sceidealú chun ligean do Bhaill ceisteanna a scagadh go mion; mar shampla, chun tosú ag smaoineamh ar conas a mhúnlófar moltaí.

Is é ról an éascaitheora sna cásanna seo:

  • Plé a éascú ar bhealach a chloíonn leis na Bunrialacha agus díriú ar na túsphointí plé a chuireann an rúnaíocht ar fáil. 
  • Achoimre a dhéanamh ar an bplé agus an t-aiseolas sin a thabhairt do Chathaoirleach an Tionóil sa seisiún poiblí. Caithfear an méid seo a aontú leis na Baill go léir.  Agus iad ag dul i mbun an taisc seo, ba chóir d'éascaitheoirí agus do Bhaill an méid seo a leanas a thuiscint:
                  • Go bhfuil an t-éascaitheoir ag labhairt thar ceann na mBall atá ag an mbord.  Sa mhéid sin, ba cheart don éascaitheoir nathanna ar nós 'is é an tuairim atá againne/ sílimidne' a sheachaint agus cur síos á dhéanamh ar an bplé aige/aici.  Ó tharla nach bhfuil baint ag an éascaitheoir leis an bplé, ba cheart nathanna mar 'is é tuairim na ndaoine ag an mbord' nó 'cheap roinnt [daoine] ag an mbord' etc a rá.  
                  • Ba cheart don éascaitheoir, nuair is féidir é, aiseolas a thabhairt ar na tuairimí uile a nochtadh ag gach bord. Ní hé ról an éascaitheora sna seisiúin seo conclúid chomhaontaithe a chur i láthair ach achoimre a thabhairt ar an bplé a bhí ann.  D'fhonn a cheart a thabhairt don chomhionannas, ceann de phríomhphrionsabail an Tionóil ná go bhfuil sé tábhachtach go gcuirtear an uile thuairim in iúl don Chathaoirleach.

Tá treoirlínte d'éascaitheoirí agus do lucht breactha nótaí ar fáil anseo

Moltaí

Tar éis an phlé seo, caithfear vóta ar gach ceist a chuirtear faoi bhráid an Tionóil agus déanfar moltaí chuig Tithe an Oireachtais bunaithe ar thuairimí fhormhór na mBall. 

Ansin tabharfaidh an Rialtas freagra maidir le gach moladh ón Tionól agus, sa chás go bhfuiltear ag glacadh leis an moladh, cuirfidh in iúl an t-am a bheadh i gceist chun reifreann gaolmhar a reáchtáil.