Grúpa Saineolaithe Comhairleacha

Deirtear i rún an Oireachtais a bhunaigh an Tionól "go mbunófar Grúpa Comhairleach Saineolaithe chun cabhrú le hobair an Tionóil i ndáil le faisnéis agus comhairle a ullmhú."

Ar na príomhdhualgais a bheidh ar an nGrúpa Saineolaithe Comhairleacha, beidh na cinn seo a leanas:

        • Tacú leis an gCathaoirleach agus leis an Rúnaíocht clár oibre cothrom agus cuimsitheach a chur i dtoll a chéile don Tionól le haghaidh gach ceann de na hábhair;
        • Sainchomhairle cúlra a chur ar fáil maidir leis na hábhair atá á bplé;
        • Comhairle a chur ar fáil faoi na critéir a bheadh i gceist agus saineolaithe á roghnú le teacht roimh an Tionól;
        • Ainmneacha saineolaithe a thiocfaidh roimh an Tionól a mholadh, arna dhaingniú ag an nGrúpa Stiúrtha;
        • Oibriú leis an gCathaoirleach agus leis an Rúnaíocht d'fhonn cainteoirí as an tsochaí shibhialta agus grúpa abhcóideachta a roghnú.

Is iad a bheidh sa Ghrúpa Saineolaithe Comhairleacha daoine acadúla/cleachtóirí a bhaineann le raon leathan réimsí. D'fhéadfadh athrú teacht ar chomhdhéanamh agus ar fhócas an Ghrúpa Saineolaithe Comhairleacha le linn na tréimhse a mhairfidh an Tionól. 

An tOchtú Leasú ar an mBunreacht

Maidir leis an Ochtú Leasú ar an mBunreacht  áiríodh ar shainréimsí leasa na gcomhaltaí:

        • Polaitíocht/Eolaíocht Shóisialta;
        • Dlí agus Teoiric Bunreachta;
        • Dlí agus Eitic Leighis;
        • Leigheas agus Obstatraic.

Ba iad comhaltaí an tSainghrúpa ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht an Dr Elizabeth Dunn, Oran Doyle (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), John Garry (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste), an tOllamh Declan Keane, An tOllamh Deirdre Madden(Coláiste na hOllscoile, Corcaigh), Tom Walker (Ollscoile na Banríona) agus Rachael Walsh (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath).

An Bealach is Fearr le Dul i nGleic leis na Dúshláin agus Deiseanna a bhaineann le Daonra atá ag dul in aois

Maidir leisan mbealach is fearr le dul i ngleic leis na dúshláin agus deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois  áirítear iad seo a leanas i measc sainréimsí spéise an gcomhaltaí:

        • Polaitíocht/Eolaíocht Shóisialta;
        • Beartas Sláinte/ Geirinteolaíocht Leighis;
        • Rannpháirteacht lena n-áirítear Gnéithe Sóisialta agus Eacnamaíochta a bhaineann le bheith dul in aois;
        • Saincheisteanna dlí lena n-áirítear drochíde ar sheanóirí agus faillí orthu;
        • Obair Shóisialta/Ceartas Sóisialta.

Ba iad comhaltaí an tsainghrúpa ar an mbealach is fearr le dul i ngleic leis na dúshláin agus deiseanna a bhaineann le daonra atá ag dul in aois Susan Cliffe, John Garry (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste), An tOllamh Rose Anne Kenny (Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath), Eamon O'Shea (OÉG), An Dr Amanda Phelan (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) agus Patricia Rickard-Clarke

Mar a fhéadfaidh an Stát Tír Cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le Dul i nGleic le hAthrú Aeráide

Maidir leis an mbealach a bhféadfadh an Stát tír cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide  áirítear iad seo a leanas i measc sainréimsí spéise an gcomhaltaí:

        • Eolaíocht pholaitiúil, le béim ar leith ar an bpolaitíocht a bhaineann le hathrú aeráide;
        • Rialachas Comhshaoil agus Forbairt Inmharthana;
        • Dlí Comhshaoil;
        • Eolaíocht Aeráide;
        • Oiriúnú.

Ba iad comhaltaí an tsainghrúpa Mar a fhéadfaidh an Stát Tír Cheannródaíoch a dhéanamh d'Éirinn maidir le Dul i nGleic le hAthrú AeráideAn tOllamh Anna Davies (Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath), An Dr Margaret Desmond (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh), John Garry (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste), An Dr Áine Ryall (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh), An tOllamh Peter Thorne (Ollscoil Mhá Nuad) agus An Dr Diarmuid Torney (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath).

An Bealach a Reáchtáiltear Reifrinn & Parlaimintí Téarma Seasta

Ar an ábhar an bealach a reáchtáiltear reifrinn agus parlaimintí téarma seasta, tá an Sainghrúpa Comhairleach comhdhéanta de lucht acadúil/ cleachtóirí ar fud sainréimsí leasa lena n-áirítear:

        • Dlí Bunreachta;
        • Eolaíocht Pholaitiúil lena n-áirítear daonlathas pléghrúpa, iompar toghthóirí agus forais pholaitíochta;
        • cumarsáid pholaitiúil.

Ba iad comhaltaí an Sainghrúpa Comhairleach ar an mbealach a reáchtáiltear reifrinn agus parlaimintí de théarmaí seasta Oran Doyle (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), Robert Elgie (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) John Garry (Coláiste na Banríona, Béal Feirste), Kevin Rafter (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) , Theresa Reidy (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) agus Rachael Walsh (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath). 

Is féidir Téarmaí Tagartha an tSainghrúpa Chomhairligh a fháil anseo