Rialacha agus Nósanna Imeachta

Aontaíodh rialacha agus nósanna imeachta an Tionóil ag an gcéad chruinniú agus seo iad:

1. Amanna, Minicíocht agus Oscailteacht cruinnithe

Beidh cruinnithe den Tionól in óstán ar an deireadh seachtaine (An Satharn agus an Domhnach) le linn 2016 agus 2017. Tá sonraí uile na ndátaí atá beartaithe do na cruinnithe ar fáil ar www.citizensassembly.ie. Ní bheidh teacht ag an bpobal ar na cruinnithe ach déanfar sruthú beo ar na seisiúin iomlánacha ag www.citizensassembly.ie.

2. Ról agus dualgais an Chathaoirligh

An Cathaoirleach an t-aon bhreitheamh a choinneoidh ord agus is uirthi a thitfidh sé a chinntiú go rithfear imeachtaí an Tionóil go réidh de réir na rialacha seo agus de réir théarmaí Réiteach Thithe an Oireachtais, Iúil 2016. Bainfidh sí úsáid as a oiread seirbhísí tacaíochta agus a theastaíonn chun an fóram a riaradh go héifeachtach agus moltaí a chur faoi bhráid an Tionóil ó am go ham maidir le bainistiú an ghnó de réir mar is cuí léi.  

3. Clár na hOibre

Comhaontóidh an Tionól clár na hoibre de dhroim moladh a dhéanfaidh an Cathaoirleach.  Déanfar athbhreithniú ar an gclár ar bhonn rialta ach ní ghabhfaidh éifeacht le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ach le comhaontú an Tionóil.

4. Grúpa Stiúrtha

Bunófar Grúpa Stiúrtha chun tacú leis an Tionól a ról agus a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach agus go héifeachtúlach. Cabhróidh an Grúpa le pleanáil agus le ceisteanna oibríochta a bhaineann le clár na hoibre.  Is éard a bheidh sa Ghrúpa Stiúrtha ná an Cathaoirleach agus méid áirithe ball agus cibé ionadaithe eile de réir mar is cuí leis an Tionól.

5. Príobháideachas na mBall a Chosaint

Cé go mbeidh ainmneacha agus ainm ginearálta na gceantar arb as do na Baill ar fáil ar www.citizensassembly.ie, coimeádfar sonraí pearsanta eile na mBall faoi rún. Déanfar aon duine nó aon eagraíocht a dhéanfaidh iarracht teagmháil a dhéanamh le Ball chun tionchar a imirt ar a chuid tuairimí i dtaobh ábhar áirithe a eisiamh go huathoibríoch ó pháirt a ghlacadh sa Tionól.

6. Díospóireachtaí/socruithe labhartha

Comhaontófar formáid agus struchtúr na socruithe labhartha roimh ré.  Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart don méid a déarfaidh baill a bheith gairid agus measúil agus níor cheart aon athrá a bheith ann.  Ba cheart d'aon duine atá ag iarraidh labhairt é sin a chur in iúl agus iarrfaidh an Cathaoirleach air sin a dhéanamh. Féachfaidh an Cathaoirleach chuige go dtabharfar an oiread céanna ama do gach ball labhairt.   D'fhonn iarracht a dhéanamh an chuid is fearr a bhaint as an am sna seisiúin iomlánacha, moltar do bhaill an deis a thapú suí timpeall boird agus a gcuid tuairimí a chur in iúl, tuilleadh ceisteanna a chur ar na saineolaithe agus plé a dhéanamh ar ábhair lena chéile. Is féidir achoimre a dhéanamh ar an méid atá le plé i dtuairisc ghairid a chuirtear faoi bhráid an tseisiúin iomlánaigh.

7. Páipéir a Chur ar an gClár Oibre agus a Scaipeadh

Cuirfear cáipéisí a fhaigheann rúnaíocht an Tionóil ar fáil do bhaill uile an Tionóil via an láithreáin gréasáin www.citizensassembly.ie. Déanfar socruithe eile dóibh siúd nach bhfuil teacht acu ar an láithreán gréasáin.  Ba cheart don Tionól spriocdhátaí le haghaidh aighneachtaí a sheoladh agus cáipéisí a scaipeadh roimh chruinnithe iomlánacha a chomhaontú.

8. Cur i láthair a thabhairt don Tionól

Tar éis dó aighneachtaí a fháil ar aon ábhar, féadfaidh an Tionól togradh éisteacht le cur i láthair ó bhéal ó aon ghrúpa ionadaíoch nó ó aon duine chun cabhrú leis plé agus machnamh a dhéanamh ar ábhar.  D'fhonn an próiseas a riaradh go héifeachtach, d'fhéadfadh go mbeadh fonn ar an nGrúpa Stiúrtha moltaí a dhéanamh i dtaobh roghnú na n-eagras leasmhar a dhéanfadh cur i láthair os comhair an Tionóil.  Tabharfaidh an Cathaoirleach cuirí thar ceann an Tionóil.

9. Vótáil

Má bhíonn gá le vótaí, is le ballóid rúnda a thabharfaidh baill atá i láthair agus atá ag vótáil iad.  Déanfaidh an Cathaoirleach maoirsiú ar chaitheamh na vótaí agus tacaíocht aici ó bheirt bhall, ar a laghad, den Tionól.

10. Grúpa Saineolaithe Comhairleacha

Mar a fhoráiltear i Rún an Oireachtais, bunóidh an Tionól Grúpa Saineolaithe chun cabhrú le hobair an Tionóil maidir le heolas agus comhairle a ullmhú.  Is iad a bheidh sa Ghrúpa Saineolaithe Comhairleacha daoine acadúla/cleachtóirí a bhaineann le raon leathan réimsí áirithe, lena n-áirítear Eolaíocht Pholaitiúil/Shóisialta; Dlí agus Teoiric Bunreachta; Dlí agus Eitic Leighis; Leigheas agus Obstatraic.  D'fhéadfadh athrú teacht ar chomhdhéanamh agus ar fhócas an Ghrúpa Saineolaithe Comhairleacha le linn na tréimhse a mhairfidh an Tionól.

11. Áiseanna Gaeilge

Cuirfear seirbhís aistriúcháin chomhuainigh ó Ghaeilge go Béarla ar fáil i gcás sheisiúin iomlánacha uile an fhóraim más gá.

12. Rochtain ag Daoine atá Faoi Mhíchumas ar Sheirbhísí agus ar Eolas  

De réir fhorálacha an Achta um Míchumas, 2005, agus an Chóid Cleachtais maidir le hinrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Eolais a Chuireann Comhlachtaí Poiblí Ar Fáil, cinnteoidh an Tionóil go mbeidh rochtain ag na baill go léir ar sheirbhísí agus ar eolas, lena n-áirítear baill atá faoi mhíchumas, a mhéid a bheidh sé praiticiúil agus cuí.  Tugtar d'aire gur roghnaíodh baill uile an Tionóil go randamach chun a bheith ionadaíoch ar thuairimí mhuintir na hÉireann agus go bhfuil siad ionadaíoch ar shochaí na tíre ar an mórchóir, faoi mar a léiríodh sa Daonáireamh í.    

13. An Preas agus Cúrsaí Cumarsáide

Ceadófar do bhaill údaraithe na meán freastal ar sheisiúin iomlánacha an Tionóil, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a leagfaidh síos an Tionól. Mar phrionsabal ginearálta, gníomhóidh an Cathaoirleach mar urlabhraí i ndáil le ceisteanna riaracháin nó ceisteanna a bhaineann le nós imeachta.

14. Idirghníomhaíocht na mBall leis na Meáin

Ní dhéanfaidh baill aon agallaimh leis na meáin nó ní dhéanfaidh siad aon tráchtaireacht phoiblí fad is atá ábhar á bhreithniú ag an Tionól.  Baineann sé seo leis na meáin shóisialta freisin.

15. Tuairiscí

Foilseofar tuairiscí ar an Tionól a luaithe is indéanta tar éis cinneadh a bheith déanta ag gach cruinniú.  Beifear ábalta mionsonraí ábhar gach tuairisce, seachas le linn seisiún iomlánach, a thabhairt chun críche, faoi réir chomhaontú an Tionóil.

16. Nósanna Imeachta a Athbhreithniú

Rachaidh an Cathaoirleach i gcomhairle le baill an Tionóil agus le páirtithe leasmhara eile agus athbhreithniú ar nósanna imeachta agus ar riaradh an Tionóil a dhéanamh de réir mar is cuí léi.

17.Rúnaíocht an Tionóil

Beidh stiúir agus smacht ag an gCathaoirleach maidir le baill foirne na rúnaíochta agus maidir le tacaíocht agus acmhainní eile a bheidh ar fáil, faoi réir mhianta an Tionóil.