Soláthar and Costais

Faoi rialacháin soláthair, eisíodh Iarrataí ar Thairiscintí (RFTanna) i leith soláthraithe seirbhíse a sholáthar le haghaidh riachtanais dhifriúla a bhaineann le bunú agus le feidhmiú leanúnach an Tionóil araon.  Sa chás gur bhain sé le hábhar, foilsíodh tairiscintí ar láithreán gréasáin soláthair an Rialtais, eTenders.

Foilsíodh na hiarrataí seo a leanas ar thairiscintí ar an láithreán gréasáin eTenders:

  1. Sampla ionadaíoch de 99 duine den phobal agus ionadaithe a chur ar fáil
  2. Riachtanais Comhdhála Óstáin
  3. Scannánú/Craoladh Beo/Sruthú an Tionóil Saoránach agus seirbhísí leantacha eile a bhaineann leis
  4. Soláthar Seirbhísí Gaeilge do Chruinnithe Thionól na Saoránach
  5. Seirbhísí Éascaíochta agus Breacadh Nótaí do Thionól na Saoránach
  6. Seirbhísí Idirghabhála Meán do Thionól na Saoránach

Conarthaí a Bronnadh:

Ceapadh RED C Research and Marketing Ltd an 22 Lúnasa 2016 chun sampla ionadaíoch de 99 ball den phobal agus ionadaithe a chur ar fáil do Thionól na Saoránach.

Roghnaíodh an Grand Hotel, Mullach Íde, mar ionad do chruinnithe an Tionóil.

Roghnaíodh Richard Jolly TV Ltd/Switch New Media le scannánú/craoltóireacht bheo agus sruthú a dhéanamh ar chruinnithe an Tionóil

Roghnaíodh Q4PR le seirbhísí idirghabhála meán  a chur ar fáil don Tionól.  

Roghnaíodh Roomaxx Ltd chun seirbhísí éascaithe agus breactha nótaí a chur ar fáil.

Roghnaíodh Beatrice.ie Translation & Tour Guiding Services le seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil don Tionól.

Costais an Tionóil

Tugtha thíos tá briseadh síos ar chostais a bhain le cruinnithe an Tionóil a reáchtáil ó bunaíodh an Tionól ó Lúnasa, 2016 go dtí deireadh Bealtaine, 2018. 

Cúitítear costais a thabhaíonn baill chun freastal ar chruinnithe leo, lena n-áirítear costais taistil agus ranníoc i leith cúram leanaí. Ní dhéantar íocaíocht i leith freastal ná i leith laethanta a chailltear ag an obair le comhaltaí ná lena bhfostaithe.

Ní íocann an Tionól táille le haoichainteoirí. Clúdaítear costais taistil.

Déantar costais riaracháin oifige agus tuarastail an Tionóil a íoc ar bhonn leanúnach agus ní áirítear sna costais thíos iad.

Catagóir

Costais go deireadh Nollaig 2016

Eanáir - Nollaig 2017

Eanáir - Bealtaine 2018

Costais go deireadh Bealtaine 2018

Comhdháil/Lónadóireacht agus cóiríocht

€80,436.13

€361,790.92€102,234.38€544,461.43

Costais Taistil agus eile a chúiteamh

€16,457.94

€172,828.59€28,928.03€218,214.56

Seirbhísí Aistriúcháin Gaeilge/Seirbhísí Teanga Comharthaíochta

€6,813.21

€49,182.50€13,385.889€69,381.60

Seirbhísí Craoltóireachta/Meán/Grianghrafadóireachta

€17,095.20

€187,066.24€45,096.57€249,258.01

Baill a Earcú/ Seirbhísí Éascaithe agus Glactha Nótaí

€22,078.50

€184,971.22€36,966.42€244,016.14

Láithreán Gréasáin/Fógraíocht

€26,751.51€38,388.15€810.89€65,950.55

Taighde

-€23,746.20-€23,746.20

Seirbhísí Dlí / Comhairleacha / Tacaíochta

€1,250.00€40,331.79€5,693.00€47,274.79

Seirbhísí Teicniúla

€17,822.70€20,085.90€5,749.02€43,657.62

IOMLÁN

€188,705.19

€1,078,391.51238,846.201,505,960.90