Taighde
I mí na Samhna na bliana 2016, ar iarratas ó rúnaíocht an Tionóil, rinne Comhairle Taighde na hÉireann glao ar thairiscint i gcomhair ceannaire taighde. Ba é cuspóir an ghlao seo duine acadúil a bhí cáilithe mar is cuí a fháil a mbeadh taithí ábhartha aige/aici a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun cabhrú leis an Rúnaíocht tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaighdeán cíortha a cheaptar a bhaineann leis an Tionól agus an modh oibre atá aige. Lena chois sin, bhí sé i gceist meicníocht a chur ar fáil trína bhféadfadh an Rúnaíocht aiseolas a fháil ó bhaill chun cur le forbairt agus le feabhas ar bhonn leanúnach.
Rinneadh an cuireadh chun tairisceana ar Láithreán Gréasáin na Comhairle Taighde. Eisíodh an cháipéisíocht agus tá na sonraí iarratais ar fáil anseo. Ba é an dáta deiridh ná an 11 Samhain 2016.
An 23 Samhain 2016, bhronn an fhoireann meastóireachta an conradh ar an Ollamh David Farrell ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá an tOllamh Farrell ag obair i gcomhar leis an Dr Jane Suiter ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an taighde seo.
Déantar an taighde trí bhíthin suirbhéanna, a dhéanann Maill an Tionóil, de ghnáth ag tús agus ag deireadh gach cruinnithe deireadh seachtaine.
Tar éis gach deireadh seachtaine rinne an fhoireann taighde anailís ar na sonraí a bailíodh agus ullmhaítear tuarascáil don Rúnaíocht. Roinntear sonraí na tuarascála leis na Baill ag an gcéad chruinniú eile. Tá cóipeanna de na tuarascálacha seo ar fáil anseo.