Polasaí Príobháideachta

Polasaí Príobháideachta

Tá meas againn ar chearta an lucht úsáide agus ní dhéantar, mar riail ghinearálta, eolas pearsanta de chineál ar bith a bhailiú. Pléifear le haon eolas pearsanta a chuireann tú ar fáil de do thoil féin (mar shampla, trí chlárú le seirbhís ríomhphoist do shíntiúsóirí) leis na caighdeáin is airde i ndáil le slándáil agus rúndacht, ag teacht go hiomlán leis an Acht um Chosaint Sonraí, 1988, arna leasú leis an Acht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003. Aon eolas a chuirtear ar fáil ar an mbealach sin, is chun na críche sin amháin a gcuirtear ar fáil lena aghaidh é, a bhaintear úsáid as.

Sa chás go gcuireann duine den lucht úsáide eolas pearsanta ar fáil i bhfreagra ar cheistiúchán nó ar shuirbhé, is chun críche taighde nó anailíse amháin a bhainfear úsáid as na sonraí.

I ndáil le brabhsáil an ghréasáin go ginearálta, ní ligtear aon eolas pearsanta linne, cé go mbíonn eolas staitistice de chineálacha áirithe ar fáil dúinn tríd an soláthraí seirbhíse idirlín. D'fhéadfadh go mbeadh ar an eolas sin

  • Seoladh loighciúil an fhreastalaí atá in úsáid agat
  • An t-ainm fearainn buaicleibhéil óna bhfuil ceangal á dhéanamh agat leis an idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org etc.)
  • Cineál an bhrabhsálaí atá in úsáid agat.
  • An dáta agus an tráth de lá a gceadaíonn tú an láithreán gréasáin atá againn
  • An seoladh Idirlín a úsáidtear chun ceangal leis an láithreán sin againne.

Bíonn roinnt den eolas sin thuas in úsáid chun achoimre ar staitisticí a chur i dtoll a chéile trínar féidir linn líon na gcuairteoirí ar an láithreán a mheas, na leathanaigh is minice a cheadaítear a shonrú agus, go ginearálta, an láithreán a dhéanamh níos cóiriúla do lucht a úsáide.

Úsáid as Fianáin agus Google Analytics

Meáin Shóisialta – d'fhéadfadh fianáin a bheith in úsáid ag roinnt láithreáin tríú páirtí a bhaineann le MerrionStreet, mar shampla Twitter agus Flickr. 
Baineann MerrionStreet úsáid as Google Analytics, seirbhís anailíse maidir leis an ngréasán arna chur ar fáil ag Google, Inc. (“Google”). Úsáideann Google Analytics “fianáin”, ar comhaid téacs iad a chuirtear isteach ar an ríomhaire sin agatsa, d'fhonn cuidiú leis an láithreán gréasáin anailís a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear ar an láithreán gréasáin. Déanfaidh Google an t-eolas a chruthaíonn an fianán maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin (do sheoladh IP san áireamh) a aistriú agus a stóráil ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Google leas as an eolas sin chun críche anailís a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin, tuairiscí a chur le chéile do lucht oibre an láithreáin maidir leis an mbeartaíocht ar an láithreán gréasáin, agus seirbhísí eile a chur ar fáil i ndáil le beartaíocht ar an láithreán gréasáin agus úsáid as an idirlíon. D'fhéadfadh go n-aistreodh Google an t-eolas sin freisin go dtí an tríú páirtí nuair a bhíonn ceangailte faoin dlí go ndéantar sin, nó sa chás gur tríú páirtí den sórt sin a dhéanann próiseáil ar an eolas thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google an seoladh IP sin agatsa le haon sonraí eile atá ar coimeád ag Google. Is féidir leat diúltú glacadh le húsáid fianán trí na socruithe cuí a roghnú ar an mbrabhsálaí, ach tugtar chun aire, má dhéantar amhlaidh, nach móide deis agat ar acmhainn iomlán an láithreáin gréasáin seo a thapú. Trí leas a bhaint as an láithreán gréasáin seo, toilíonn tú le sonraí mar gheall ort a phróiseáil ag Google ar an mbealach agus chun na críche a leagtar amach thuas.

Tá breis sonraí maidir leis an úsáid a bhaineann Google Analytics as fianáin ar fáil ag: http://www.google.com/analytics/learn/privacy.html.

Breis eolais maidir le Google Analytics Opt-out Browser Add-on.