Coinbhinsiún ar an mBunreacht

Tá an leagan amach céanna ar an Tionól Saoránach agus a bhí ar an gCoinbhinsiún ar an mBunreacht. Is eintiteas iomlán neamhspleách an Tionól Saoránach ón gCoinbhinsiún ar an mBunreacht.

Ceadaíodh bunú an Choinbhinsiúin le Rún ó dhá Theach an Oireachtais in Iúil 2012.  Bhí 66 ball sa Choinbhinsiún. Roghnaíodh iad sin go randamach. Lena gcois sin, tá 33 polaiteoir as dhá Theach an Oireachtais agus as Tionól Thuaisceart Éireann, mar aon le cathaoirleach neamhspleách. 

Leagadh amach ocht n-ábhar ar leith sa Rún ar iarradh ar an gCoinbhinsiún iad a bhreithniú agus tuairisciú orthu don Oireachtas.  Scrúdaigh an Coinbhinsiún dhá cheist eile a roghnaigh sé é féin.

Thug an Rialtas a bhí ann roimhe seo freagra sa Dáil ar gach ceann de naoi dTuairisc an Choinbhinsiú, mar a leanas:

  • ar an gCéad Tuairisc, maidir le hAois Vótála agus Téarma an Uachtaráin, ar an 18 Iúil 2013,
  • ar an Dara Tuairisc, maidir le Ról na mBan agus Mná sa Pholaitíocht, ar an 10 Deireadh Fómhair 2013
  • ar an Tríú Tuairisc, maidir leis an bPósadh Comhghnéis, ar an 17 Nollaig 2013
  • ar an gCeathrú Tuairisc, maidir le Leasú Toghcháin, ar an 18 Nollaig 2014
  • ar an Séú Tuairisc, maidir le Diamhaslú, ar an 2 Deireadh Fómhair 2014, agus
  • ar an gCúigiú, ar an Seachtú, ar an Ochtú agus ar an Naoú Tuairisc, maidir leis an mBunreacht a leasú chun ceart a bhronnadh ar shaoránaigh a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Stát vótáil i dtoghcháin Uachtaránachta; Leasú na Dála; Cearta Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha, agus; Conclúidí agus Moltaí Deireanacha, faoi seach, ar an 14 Eanáir 2016.

Tá na freagraí ar fáil ar líne ag www.oireachtas.ie.

Agus iad ag tabhairt freagra ar Thuairiscí an Choinbhinsiúin, ghlac an Rialtas a bhí ann roimhe seo le sé mholadh maidir leis an mBunreacht a athrú: comhionannas pósta, an aois vótála a laghdú go 16, an tairseach aoise d'iarrthóirí Uachtaránachta a laghdú, cion an diamhaslaithe a bhaint den Bhunreacht, cur leis an tagairt d'oifig an Chinn Comhairle d'fhonn stádas níos mó a thabhairt di, agus tagairt a chur sa Bhunreacht do Choistí Oireachtais.

Reáchtáladh reifrinn ar dhá cheann de na hábhair seo i mBealtaine 2015, maidir le tairseach aoise iarrthóirí Uachtaránachta a laghdú agus maidir le comhionannas pósta.  D'éirigh le reifreann an chomhionannais phósta le móramh 62.1%.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar obair an Choinbhinsiúin, téigh go dtí a láithreán gréasáin.